Comhlíontacht chomhoibríoch

Léargas ginearálta

Le cur chuige na comhlíontachta comhoibríche, cuirtear ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim agus gnóthas mór oibriú le chéile chun comhlíontacht chánach a bhaint amach. Ní socraíocht speisialta chánach é seo do ghrúpa eisiach cáiníocóirí. Is cuid de straitéis fhoriomlán na gCoimisinéirí Ioncaim é i leith na comhlíontachta.

Tá eolas sa rannán seo:

  • ar céard is comhlíontacht chomhoibríoch ann
  • ar na buntáistí a bhaineann le dul i mbun comhlíontacht chomhoibríoch
  • agus
  • ar an gcaoi a n-oibríonn comhlíontacht chomhoibríoch go praiticiúil.

Ar aghaidh: Céard is comhlíontacht chomhoibríoch ann?