Comhlíontacht chomhoibríoch

Céard is comhlíontacht chomhoibríoch ann?

Is é chomhlíontacht chomhoibríoch, a aithnítear go hidirnáisiúnta mar 'Enhanced relationship' nó 'Horizontal monitoring', ná an caidreamh idir an cáiníocóir agus na Coimisinéirí Ioncaim a fhorbairt. Tá an caidreamh déthaobhach seo bunaithe ar iontaoibh agus comhoibriú agus cinntíonn sé comhlíontacht cánach shaorálach agus cinnteacht ar an leibhéal is airde.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas gur mian le cáiníocóirí a bheith comhlíontacht agus tá siad ag iarraidh cinntacht maidir lena staid cánach. Dá bhrí sin, molann na Coimisinéirí Ioncaim do cháiníocóirí féin-athbhreithniú a dhéanamh. Déanann na Coimisinéirí Ioncaim ceartú na n-earráidí a éascú trí 'féincheartú gan phionós' a cheadú. Féadfaidh siad 'nochtadh cáilitheach neamhspreagtha' a thíolacadh mar a fhoráiltear faoi Code of Practice for Revenue Audit and other Compliance interventions.

Cruthaíonn an Comharchreat Comhlíontachta (CCF) caidreamh thacúil comhpháirteach idir na Coimisinéirí Ioncaim agus gnóthais mhóra. Cinntíonn sé seo go bhfuil an cáiníocóir go hiomlán comhlíontach ó thaobh na dualgais chánach, chustaim agus mháil de. I bhfianaise na gcastachtaí maidir leis an dlí agus an rialáil chánach, uaireanta féadfaidh earráidí neamhbheartaithe teacht aníos. Tá sé mar aidhm ag an CCF cosc a chur ar earráidí mar seo tarlú.

Ar aghaidh: Céard iad na buntáistí a bhaineann le comhlíontacht chomhoibríoch?