Comhlíontacht chomhoibríoch

Cén chaoi a n-oibríonn an chomhlíontacht chomhoibríoch

Le go n-oibreoidh an chomhlíontacht chomhoibríoch, ní mór go mbeadh gealltanas:

  • ón dá thaobh go dtógfaí cur chuige gairmiúil le cinntiú go bhfuil ardleibhéal comhlíontachta ann
  • ó ghnóthais a bheith oscailte leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith a gcuid straitéisí pleanála
  • ón dá thaobh chun léiriú don mhórphobal go bhfuiltear ag cloí le freagrachtaí comhlíontachta agus go bhfuil an córas cánach ag obair go héifeachtach
  • agus
  • go leanfadh an dá thaobh ar aghaidh leis na gníomhartha a ndearnadh siad comhaontú orthu.

Ina theannta sin, ní mór a aithint:

  • nach mór don dá thaobh stop a chur le haon iompar a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh don iontaoibh
  • nach srian é a bheith rannpháirteach sa Chomharchreat Comhlíontachta (CCF) i gcás cheart na gCoimisinéirí Ioncaim comhlíontacht a thástáil trí iniúchadh nó trí iIdirghabhálacha eile
  • agus
  • go bhféadfaidh sé go bhfuil easaontais ann i leith na tuisceana ar an dlí cánach a agus go bhféadfaidh sé gur gá a chinneadh ag achomharc. 

Freagracht as an gcomhlíontacht chomhoibríoch a chur ag obair i gceart

Beidh duine amháin ó gach eagraíocht freagrach as comhlíontacht a chinntiú.

Ní mór an fhreagracht a shannadh ag leibhéal an bhoird, na bainistíochta nó an oibriúcháin ag an leibhéal gnó.

Sna Coimisinéirí Ioncaim, ceapfar Cásbhainisteoirí le haghaidh gach gnóthas mór.

Beidh na Cásbhainisteoirí freagrach:

  • as cinntiú go mbaintear na caighdeáin um sheirbhís do chustaiméirí amach
  • agus
  • as gach gné den chaidreamh idir na Coimisinéirí Ioncaim agus do ghnóthas a bhainistiú.

Aiseolas ar cheisteanna cánach

Beidh deis ag rannpháirtithe sa CCF aiseolas a thabhairt faoi dheacrachtaí leis an gcód cánach nó leis an gcaoi a ndéantar é a riar. 

Costais chomhlíontachta agus bainistíocht éifeachtacht chánach

Tugann an chomhlíontacht chomhoibríoch deis do mhalartú tuairimí:

  • ar chostais chomhlíontachta do ghnóthais mhóra
  • agus
  • ar úsáid éifeachtúil acmhainní sna Coimisinéirí Ioncaim. 

Féadfaidh sé a bheith de thoradh air seo go dtagtar ar chomhaontú ar bhealaí nua chun dul i mbun oibre trína bhféadtar éifeachtachtaí a bhaint amach sa dá réimse.

Ar aghaidh: Plean gníomhaíochta a dhréachtadh