Comhlíontacht chomhoibríoch

Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na comhlíontachta comhoibríche

Cumarsáid idir na Coimisinéirí Ioncaim agus gnóthais

Comhrá cuiditheach i dtimpeallacht iontaoibhe atá in ainm is a bheith i gceist le haon chumarsáid a dhéantar. Féadtar aon cheisteanna a thagann aníos tríd an gcomhlíontacht chomhoibríoch a réiteach ar bhealach gairmiúil.

Easaontais laistigh den chomhlíontacht chomhoibríoch

Féadfar thú a chur faoi iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim le linn do do ghnóthas a bheith i mbun na comhlíontachta comhoibríche. Más ea, beidh rochtain iomlán agat ar an bpróiseas achomhairc agus féadfaidh tú cibé ceann acu seo a leanas a lorg: 

Aon chinntí a dhéanann gnóthais roghnú dul trí achomharc nó trí aon chineál athbhreithnithe, beidh siad go hiomlán comhoiriúnach leis an gcur chuige comhlíontachta comhoibríche.

Féadfaidh achomhairc a bheith i gceist taobh amuigh den phróiseas iniúchta fhoirmeálta. Mar shampla, easaontas teicniúil idir na Coimisinéirí Ioncaim agus rannpháirtí sa Chreata um Chomhlíontacht Chomhoibríoch (CCC) ina mbíonn measúnaithe déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus acomharc déanta ag an rannpháirtí orthu mar thoradh air.

Athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíontacht chomhoibríoch

Chuir Rannóg na gCásanna Móra athbhreithniú i gcrích ar oibriú reatha an Co-operative Compliance Framework (CCF). Is éard a bhí san athbhreithniú ná:

  • anailís ar an aiseolas a fuarthas ó cháiníocóirí agus ó ghníomhairí trí shuirbhéanna
  • agallaimh inmheánacha le Cásbhainisteoirí agus Bainisteoirí Ceantair na gCoimisinéirí Ioncaim
  • meastóireacht ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus ar chreata eile.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Rannóg na gCorparáidí Móra:

Tá an rogha ag an dá pháirtí araon ceisteanna a ardú leis na bainisteoirí sinsearacha sa ghnóthas agus sna Coimisinéirí Ioncaim.

Tá struchtúir i bhfeidhm chun comhairliúchán a chur ar fáil i dtaca le comhlíontacht chomhoibríoch idir na Coimisinéirí Ioncaim, leasa gnó agus comhlachtaí comhairleacha cánach.