Comhlíontacht chomhoibríoch

Plean gníomhaíochta a dhréachtadh

Leis an bplean gníomhaíochta a dhéanann rannpháirtithe sa Chomharchreata Comhlíontachta (CCF) agus na Coimisinéirí Ioncaim a dhréachtadh, beidh an méid seo a leanas ina thoradh air:

  • clár um chruinnithe bliantúla athbhreithnithe ar riosca
  • nochtadh saorálach i leith aon cheisteanna a thagann aníos
  • soiléiriú i dtaca leis an tuiscint ar an dlí cánach
  • agus
  • feidhmiú seasmhach den dlí cánach thar gach earnáil ghnó.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus do ghnóthas an plean gníomhaíochta a dhréachtadh agus a chomhaontú. Beidh sraith míreanna gníomhaíochta san áireamh sa phlean le comhlánú ag gach taobh laistigh de na hachair ama chomhaontaithe.

Is é aidhm an phlean ná:

  • athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an riosca cánach don ghnóthas
  • agus
  • aon ghníomhartha comhlíontachta a chur i gcrích a theastaíonn le haghaidh gach ceann de na cineálacha cánach.

Solas a chaitheamh ar réimsí riosca

Reáchtálfar cruinniú athbhreithnithe bliantúil ar riosca le gach ceann de na Grúpaí rannpháirtíochta sa CCF. Caithfidh na Coimisinéirí Ioncaim solas ar na réimsí cánach riosca do do ghnóthas agus féadfaidh tú soiléiriú ar na hábhair imní ar leith atá agat a iarraidh. Ag deireadh an chruinnithe, ba chóir go mbeadh comhaontú ann ar an bpróifíl tosaigh riosca cánach le haghaidh do ghnóthais. Déanfaidh tú pleananna bliantúla um bainistíocht riosca cánach a ullmhú agus a chomhlánú ina ndírítear ar na réimsí comhaontaithe riosca.

Idirghabhálacha

Beidh idirghabhálacha de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, nuair is gá, mar chuid den phlean foriomlán gníomhaíochta. Cuirfimid thú ar an eolas faoi idirghabhálacha beartaithe. Má théann do ghnóthas go dáiríre i mbun na comhlíontachta comhoibríche, beidh iniúchtaí na gCoimisinéirí Ioncaim chomh neamh-ionsáiteach agus is féidir. Leanfar le hanailísiú riosca a dhéanamh ar gach gnóthas agus beidh sé bunaithe ar phróifíliú agus ar fhaisnéis ghnó.

Féadfaidh muid iniúchtaí nó imscrúduithe a dhéanamh cé is moite díobh siúd atá luaite sa phlean comhlíontachta comhoibríche, go háirithe iniúchtaí praghsála aistrithe.

Féadann grúpa nochtadh gan iarraidh a dhéanamh má thagann sé ar an eolas faoi cheist le linn athbhreithnithe comhlíontachta. Féach Cód Cleachtais maidir le hIniúchadh Cánach agus Idirghábhalacha Comhlíontachta eile le haghaidh tuilleadh eolais ar nochtaí neamhspreagtha. Má fuair tú litir um iniúchadh uainn cheana féin, beidh feidhm leis na rialacha um nochtaí spreagtha.

Pleanáil cánach

Aithníonn na Coimisineirí Ioncaim go bhfuil an phleanáil chánach dhlisteanach ina cuid thábhachtach de bhainistíocht airgeadais do ghnóthais. Tá muid ag súil leis go mbeidh gnóthais atá i mbun na comhlíontachta comhoibríche oscailte maidir lena straitéisí pleanála cánach.

Cumarsáid leis na Coimisinéirí Ioncaim

Freagróidh na Coimisinéirí Ioncaim chomh tapa agus is féidir nuair a iarrann tú orainn cabhrú leat le tuiscint a fháil ar an dlí cánach. Go hídéalach, is éard a bheidh sa chabhair a chuireann muid ar fáil duit ná comhairliúchán ag an gcéim is luaithe is féidir.

Féadtar gearáin a chur chugainn faoi bhuntáistí iomaíochta cáinbhunaithe a bhfuil d’iomaitheoirí ag baint leas astu, agus a mhothaíonn tusa a bheith éagórach. Freagróidh muid go tapa i leith aon ghearán den chineál seo a bhfuil cúis mhaith leis.

Ar aghaidh: Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na comhlíontachta comhoibríche