Dlúthchuideachtaí

Léargas ginearálta

Tá forálacha speisialta sa chóras Cánach Corparáide (CC) do chuideachtaí a mheastar a bheith ina 'nDlúthchuideachtaí'.

Is dlúthchuideachtaí iad formhór na gcuideachtaí cónaitheacha Éireannacha. Is gnách gur dlúthchuideachta í cuideachta atá faoi úinéireacht líon beag daoine aonair (mar shampla, cuideachta teaghlaigh). De réir a nádúir, ní dhlúthchuideachtaí iad formhór na gcuideachtaí atá liostaithe ar stocmhalartán.

Íocann cuideachtaí CC ar a mbrabúis. Íocann cuideachta atá ina dlúthchuideachta formhuirear breise ar chuid dá hioncam tar éis cánach mura ndáiltear é. Tá an formhuirear seo deartha chun carnadh brabúis laistigh de chuideachta a dhíspreagadh. Má dháiltear na brabúis ar scairshealbhóirí, bíonn siad faoi dhliteanas Cánach Ioncaim ag ráta níos airde.

Baineann forálacha speisialta freisin le h-iasachtaí, airleacain agus sochair eile a chuireann dlúthchuideachtaí ar fáil dá scairshealbhóirí, nó stiúrthóirí, agus dá gcomhlaigh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le dlúthchuideachtaí, féach an Tax and Duty Manual Part 13-03.

Ar aghaidh: Costais do rannpháirtithe agus do chomhlaigh