Dlúthchuideachtaí

Ús a íocadh le stiúrthóirí agus le comhlaigh

Caitear le hús a íocann dlúthchuideachta (sa bhreis ar ráta sonraithe) le stiúrthóirí nó lena gcomhlaigh mar dháileadh. Clúdaítear freisin ús a íoctar le stiúrthóirí nó lena gcomhlaigh i gcuideachta a rialaíonn nó atá á rialú ag an dlúthchuideachta. Is é an ráta úis sonraithe ná 13% in aghaidh na bliana.

Ní mór don stiúrthóir agus, nó dá gcomhlaigh, leas ábhartha a bheith acu sa dlúthchuideachta, nó sa chuideachta a rialaíonn an dlúthchuideachta. Is éard is leas ábhartha ann ná úinéireacht thairbhiúil, ná rialú, ar níos mó ná 5% de ghnáthscaireanna na cuideachta.

Ní féidir leis an gcuideachta asbhaint a ghlacadh as an dáileadh agus a dliteanas Cánach Corparáide (CT) á ríomh. D'fhéadadh sé a bheith riachtanach don chuideachta Cáin Iarchoimeádta Díbhinne (CID) a asbhaint ón dáileadh.

Ar aghaidh: Iasachtaí do rannpháirtithe agus comhlaigh