Dlúthchuideachtaí

Formhuirear ar ioncam neamhdháilte

Bíonn dlúthchuideachtaí faoi réir mhuirir bhreise i leith Cánach Corporáide (CC). Cuirtear formhuirear ag ráta 20% i bhfeidhm ar ioncam iarchánach eastát agus infheistíochta neamhdháilte i gcás dlúthchuideachtaí. Laghdaítear an formhuirear má dháiltear ioncam na cuideachta laistigh de 18 mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tháinig an t-ioncam chun cinn.

Áirítear leis an ioncam atá faoi réir an fhormhuirir an méid seo a leanas:

  • ioncam ó chíos
  • ús
  • ioncam ó dhíbhinní.

Tá cuideachta thrádála i dteideal a hioncam iarchánach eastát agus infheistaíochta indáilte a laghdú faoi 7.5%.

Bailítear an formhuirear do tréimhse chuntasaíochta mar chuid de dhliteanas CC don tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin. Ní mór é seo a thuairisciú ar an Tuairisceán CT1.

Eisiaimh

Tá feidhm le díolúine sa chás gurb é €2,000 nó níos lú an farasbarr ón ioncam eastát agus infheistíochta indáilte thar na dáiltí a dhéanann an chuideachta.

Féadfaidh dlúthchuideachta dáileadh a dhéanamh ar dlúthchuideachta eile. Sa chás seo, is féidir leis an dá chuideachta toiliú a thabhairt i gcomhpháirt neamhaird a dhéanamh ar an dáileadh chun críche an fhormhuirear a ríomh. Ní mór don dá chuideachta an toiliú a chur san áireamh ar a dTuairisceán CC don tréimhse chuntasaíochta cuí.


Sampla 2

Faigheann dlúthchuideachta ioncam díbhinní Éireannach de €50,000 le linn tréimhse chuntasaíochta. Ní cuideachta thrádála í an chuideachta. Tá an t-ioncam infheistíochta marcáilte díolmhaithe ó CC.

Mar sin féin, mura ndáileann an chuideachta an t-ioncam seo laistigh de 18 mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, cuirfear formhuirear i bhfeidhm. Mura ndéantar dáileadh, is é a formhuirear dlite ná €10,000 (cothrom le €50,000 x 20%).

Mar mhalairt air sin, d'fhéadfadh an chuideachta díbhinn €30,000 a íoc laistigh de 18 mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina dhiadh sin. Mura ndéantar dáileadh, is é an fhormhuirear dlite ná €4,000 (cothrom le (€50,000 - €30,000) x 20%). Ní mór an dliteanas seo a íoc agus a thuairisciú ar thuairisceán cánach na tréimhse cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

Má íocann an chuideachta díbhinn idir €48,000 agus €50,000 laistigh de 18 mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, ní thagann aon fhormhuirear chun cinn. Tá sé seo amhlaidh toisc go bhfuil an farasbarr cothrom le €2,000, nó níos lú.

Formhuirear ar chuideachtaí seirbhíse gairmiúla

Tá dlúthchuideachtaí 'seirbhíse' faoi dhliteanas formhuirir 15% ar leath dá n-ioncam trádála neamhdháilte.

Is sampla de chuideachta seirbhíse ná dlúthchuideachta atá i mbun gairme nó a sholáthraíonn seirbhísí gairmiúla. Áirítear mar chuideachta seirbhíse freisin dlúthchuideachta a fheidhmíonn oifig nó fostaíocht. Ní mór don chuid is mó d'ioncam na cuideachta, atá incháinithe faoi Chás I/II de Sceideal D agus Sceideal E, teacht ó na gníomhaíochtaí sin.

I measc samplaí de ghníomhaíochtaí gairmiúla tá gníomhaíochtaí a dhéanann dochtúir, fiaclóir, ailtire, dlíodóir, cuntasóir, achtúire, aisteoir, ríomhchláraitheoir, nó innealtóir.

Ar aghaidh: Costais do rannpháirtithe agus do chomhlaigh