Dlúthchuideachtaí
Cad is dlúthchuideachta ann?
Is dlúthchuideachta í cuideachta atá cónaitheach in Éirinn agus tá faoi rialú ag:
- cúigear nó níos lú rannpháirtithe
- nó
- rannpháirtithe ar stiúrthóirí iad (fiú má tá níos mó ná cúigear acu).
Is dlúthchuideachta cuideachta freisin más amhlaidh go ndéanfaí, ar dháileadh iomlán a hioncam indáilte, níos mó ná leath den ioncam sin a íoc le:
- cúigear nó níos lú rannpháirtithe
- nó
- rannpháirtithe atá ar stiúrthóirí iad.
Caitear le bainisteoir cuideachta a bhfuil 20% nó níos mó de ghnáthscaireanna na cuideachta aige/aici mar stiúrthóir.
Céard is brí leis an téarma 'rialú'
Le rialú cuideachta, áirítear an méid seo a leanas:
- smacht ar chúrsaí cuideachta
- úinéireacht ar an gcuid is mó de scairchaipiteal nó de chumhacht vótála na cuideachta
- teidlíocht chun an chuid is mó d'ioncam na cuideachta a fháil dá ndáilfí é ar na rannpháirtithe
- nó
- teidlíocht chun an chuid is mó de shócmhainní na cuideachta a fháil dá ndáilfí iad ar rannpháirtithe le linn fhoirceannadh na cuideachta.
Eisiaimh ó a bheith mar dhlúthchuideachta
Tá cuideachtaí áirithe eisiata ó bheith ina ndlúthchuideachtaí, amhail:
- cuideachta nach bhfuil cónaitheach in Éirinn
- cumann tionsclaíoch agus soláthair cláraithe
- cumann foirgníochta
- cuideachtaí luaite áirithe ag a bhfuil 35% nó níos mó den chumhacht vótála ag an bpobal
- cuideachta atá faoi rialú ag an Stát, ag Ballstáit den Aontas Eorpach (AE), nó críoch chonartha cánach, nach dlúthchuideachta í ar shlí eile.
Ní bheidh cuideachta ina dlúthchuideachta freisin, má tá sí faoi rialú cuideachta amháin nó níos mó nach dlúthchuideachtaí iad. Tá sé seo ar choinníoll nach féidir déileáil léi mar dhlúthchuideachta, ach amháin trí chuideachta nach dlúthchuideachta í a ghlacadh mar cheann de na cúigear rannpháirtithe, nó níos lú.
Sampla 1
Tá 50% de scairchaipiteal eisithe Chuideachta A ag Alan agus John.
Ós rud é go bhfuil Cuideachta A faoi rialú cúigear rannpháirtithe nó níos lú, is dlúthchuideachta an chuideachta.
Sampla 2
Tá deichniúr scairshealbhóirí neamhspleácha i gCuideachta B. Tá 10% de na scaireanna ag gach scairshealbhóir. Tá seachtar de na scairshealbhóirí sin ceaptha freisin mar stiúrthóirí ar an gcuideachta.
Níl úinéireacht ag cúigear nó níos lú rannpháirtithe ar níos mó ná 50% de scaireanna Chuideachta B. Mar sin féin, tá an chuideachta faoi rialú rannpháirtithe atá ina stiúrthóirí. Dá bhrí sin, is dlúthchuideachta í Cuideachta B.
Dá mbeadh Cuideachta B neamhchónaitheach ó thaobh cánach Éireannach de, sa sampla thuas, ní bheadh sí ina dlúthchuideachta.
Sampla 3
Is scairshealbhóir í Deirdre i gCuideachta C. Tá 10% de na scaireanna eisithe aici de Chuideachta C agus tá 55% den chumhacht vótála aici. Tá ochtar déag scairshealbhóirí neamhspleácha eile ann le 5% de na scaireanna eisithe agus 2.5% den chumhacht vótála i gCuideachta C.
Níl úinéireacht ag cúigear nó níos lú rannpháirtithe ar níos mó ná 50% de scaireanna Chuideachta C. Mar sin féin, tá an chuideachta faoi rialú rannpháirtí amháin mar gheall ar na cearta vótála áta aici. Dá bhrí sin, is dlúthchuideachta í Cuideachta C.
Ar aghaidh: Céard is brí le rannpháirtí agus comhlach