Dlúthchuideachtaí

Iasachtaí do rannpháirtithe agus comhlaigh

Ní mór iasachtaí nó airleacain ó dhlúthchuideachtaí do rannpháirtithe nó dá gcomhlaigh a thabhairt faoi asbhaint cánach. Caitear leis an iasacht amhail is dá mba mhéid iarchánach d'íocaíocht bhliantúil í. Ní mór don chuideachta Cáin Ioncaim a íoc ag an ráta caighdeánach ar mhéid comhlánaithe na hiasachta. Ní mór an cháin seo a chur san áireamh ar Thuairisceán Cánach Corparáide (CC) na cuideachta. Níl an tsuim a dhéantar measúnú air inasbhainte chun críocha CC.

Eisiaimh

Níl feidhm leis an gcur chuige seo sna cásanna seo a leanas:

  • Déantar an iasacht a fháil i ngnáthchúrsa ghnó na cuideachta, agus cuimsíonn an gnó sin an t-airgead atá faighte ar iasacht.
  • Is fiach é an iasacht as earraí nó seirbhísí a sholáthraítear i ngnáthchúrsa ghnó na cuideachta. Níor chóir go mbeadh tréimhse an chreidmheasa níos faide ná 6 mhí, nó an gnáththréimhse a thugtar do chustaiméirí na cuideachta.
  • Ní sháraíonn an iasacht €19,050 agus is fostaí lánaimseartha (nó stiúrthóir) lánaimseartha de chuid na cuideachta nó de chuideachta chomhlachaithe an t-iasachtaí. Ní mór nach mbeadh leas ábhartha ag an iasachtaí sa chuideachta nó i gcuideachta chomhlachaithe. Is éard leas ábhartha ná úinéireacht thairbhiúil, ná rialú, ar níos mó ná 5 faoin gcéad de ghnáthscaireanna na cuideachta.

Iasacht a aisíoc

Is féidir leis an gcuideachta aisíocaíocht na Cánach Ioncaim a íocadh a éileamh má aisíoctar an iasacht nó an t-airleacan leis an gcuideachta. Má aisíoctar an iasacht go páirteach, is féidir leis an gcuideachta aisíocaíocht a éileamh ar chuid chomhréireach den cháin. Ní mór an t-éileamh a dhéanamh laistigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana measúnaithe ina n-aisíoctar an iasacht.

Iasacht a dhíscríobh

D'fhéadfadh sé tarlú go scaoiltear nó go ndíscríobhtar cuid den iasacht (nó den airleacain). Sa chás seo, déileáiltear leis an tsuim mar ioncam a fhaigheann an t-iasachtaí tar éis Cáin Ioncaim a asbhaint ag an ráta caighdeánach. Ní mór an tsuim chomhlánaithe a chur san áireamh in ioncam iomlán an iasachtaí atá inmhuirearaithe i leith Cánach Ioncaim. Tugtar creidmheas neamh-inaisíoctha don iasachtaí don cháin bharúlach a asbhaintear.