Dlúthchuideachtaí
Céard is brí le rannpháirtí agus comhlach
Cé atá mar rannpháirtí?
Is éard is rannpháirtí ann ná duine a bhfuil scair nó leas acu i gcaipiteal nó in ioncam cuideachta. D'fhéadfadh an duine seo a bheith, mar shampla, ina dhuine aonair nó ina chuideachta. Áirítear leis seo aon duine:
- a bhfuil scairchaipiteal nó cearta vótála acu sa chuideachta
- atá mar chreidiúnaí iasachta i leith na cuideachta (ach amháin gnáthiasacht bainc)
- a bhfuil sé de cheart acu dáiltí cuideachta a fháil
- a bhfuil sé de cheart acu préimh a fháil ar fhuascailt caipitil iasachta
- atá in ann sochmhainní nó ioncam na cuideachta a úsáid (faoi láthair nó sa todhchaí) go díreach nó go hindíreach dá leasa féin.
Baineann na tástálacha thuas le teidlíochtaí reatha agus teidlíochtaí amach anseo araon. Mar shampla, meastar gur rannpháirtí é aon duine a bhfuil an chumhacht acu cearta vótála a fháil amach anseo.
Cearta agus cumhachtaí inchurtha i leith rannpháirtí
Nuair a chinntear cé a rialaíonn cuideachta, tá na cearta agus cumhachtaí atá ag daoine áirithe eile inchurtha leis an rannpháirtí. Measfar cearta agus cumhachtaí na ndaoine seo a leanas mar chearta agus cumhachtaí an rannpháirtí:
- ainmnithe an rannpháirtí
- comhlaigh an rannpháirtí
- ainmnithe de chuid comhlaigh an rannpháirtí
- aon chomhlacht a rialaíonn an rannpháirtí (ina aonair nó i dteannta le comhlaigh).
Ní bhíonn cearta agus cumhachtaí de chuid comhlaigh le comhlach inchurtha i leith rannpháirtí.
Cé atá mar chomhlach?
Is comhlach de chuid duine iad seo a leanas:
- gaol díreach (rud a chiallaíonn céile, páirtnéir sibhialta, deartháir/deirfiúr, sinsear, dírshliochtach)
- páirtnéir an duine atá i bpáirtnéireacht
- iontaobhaí ar aon socraíocht inar socraitheoir an duine nó a ngaol
- agus
- duine eile a bhfuil leas acu sna scaireanna nó sna hoibleagáidí céanna de chuid comhlachta is tá ag an duine, atá mar chuid d'iontaobhas nó eastát an duine éagtha.
- Sampla
Is scairshealbhóirí i gcuideachta iad na daoine seo a leanas (nach stiúrthóirí aon duine acu):
|
Scairshealbhóir
|
Ús
|
|
A
|
15%
|
|
B (uncail A)
|
12%
|
|
C (ainmí A)
|
10%
|
|
D Co. (cuideachta a ríalaíoann A)
|
7%
|
|
E (páirtnéir A i bpáirtnéireacht theoranta)
|
5%
|
|
F (seanathair A)
|
4%
|
|
G (deirfiúr A)
|
2%
|
|
45 duine eile (gach duine acu ag sealbhú 1%)
|
45%
|
Is ionann suim na gcúig leas is mó de chuid scairshealbhóirí agus 49%.
Mar sin féin, cuirtear leasanna ainmí A (C), na cuideachta atá faoi rialú ag A (D Co.) agus comhlaigh A (E, F agus G) inchurtha le hA. Ní áirítear uncail sa sainmhíniú ar ghaol faoi rialacha na ndlúthchuideachtaí. Dá bhrí sin, ní comhlach é B d'A. Mar sin is ionann leas inchurtha iomlán A agus 43%. Mar go rialaíonn beirt rannpháirtithe (A agus B) 55% den chuideachta, is dlúthchuideachta í an chuideachta.
Ar aghaidh: Formhuirear ar ioncam neamhdháilte