An Scéim Lacáiste Díosail
Éileamh – Sealbhóirí ceadúnais an Comhphobail Eorpaigh (CE)
Féadtar lacáiste a éileamh ar dhíosail a úsáidtear i bhfeithiclí cáilitheacha ón dáta a chláraítear an fheithicil le do cheadúnas Comhphobail Eorpaigh.
Teastóidh an t-eolas seo a leanas uait le haghaidh éilimh aisíocaíochta:
- uimhir cheadúnais an oibreora iompair (a chaithfidh a bheith gníomhach i dtréimhse an éilimh)
- agus
- fianaise i scríbhinn ar chomhlíontacht reatha iomlán chánach ó údarás cánach an Bhallstáit a d’eisigh do cheadúnas oibreora.
I gcás gach éilimh feithicil, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:
- uimhir cláraithe feithicle
- léamha odaiméadair ag tús na tréimhse aisíocaíochta
- léamha odaiméadair ag deireadh na tréimhse aisíocaíochta
- agus
- an chainníocht díosail a ceannaíodh le cárta díosail a úsáideadh san fheithicil sin.
I gcás gach cárta breosla, teastóidh an méid seo a leanas uait:
- Uimhir an chárta breosla.
- Toirt iomlán an díosail a ceannaíodh in Eirinn.
- Toirt iomlán an díosail a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith.
Físeán maidir le héileamh ar an Scéim Lacáiste Díosail (SLD) a chomhlánú:
Le haghaidh fiosruithe faoi chlárú le haghaidh an SLD, seol ríomhphost chuig drs@revenue.ie.
Le haghaidh fiosruithe faoi éilimh agus fógraí a chomhlánú, seol ríomhphost chuig drseu@revenue.ie.
Ar aghaidh: Rátaí lacáiste díosail