An Scéim Lacáiste Díosail

Cáiliú don Scéim Lacáiste Díosail

Chun cáiliú don Scéim Lacáiste Díosail (SLD), ní mór d’oibreoirí iompair bóthair ceadúnas cuí iompair bóthair a bheith acu. Ní mór don cheadúnas seo a bheith gníomhach i rith na tréimhse éilimh.

Oibreoirí a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i bPoblacht na hÉireann 

Ní mór go mbeadh ceadúnas tarlaithe bóthair náisiúnta nó idirnáisiúnta ag oibreoirí tarlaithe bóthair.

Ní mór go mbeadh ceadúnas náisiúnta oibreora iompair paisinéirí bóthair nó oibreoirí iompar paisinéirí nó ceadúnas idirnáisiúnta oibreora paisinéirí bóthair ag oibreoir iompair paisinéirí.

Ní mór do gach oibreoir a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh sa Stát Deimhniú Imréitigh Cánach reatha a bheith acu.

Oibreoirí a bhfuil ceadúnas pobail acu a eisíodh i mBallstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)

Ní mór d'Oibreoirí tarlaithe bóthair a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ceadúnas pobail a bheith acu.

Ní mór d'oibreoirí iompair paisinéirí a bhfuil ceadúnas acu a eisíodh i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh ceadúnas pobail a bheith acu.

Teastaíonn cruthúnas ar chomhlíontacht cánach ón údarás cánach i mBallstát an Aontais Eorpaigh a d'eisigh do cheadúnas pobail.

Oibreoirí iompair na Ríochta Aontaithe agus Tuaisceart Éireann (TÉ)

Tar éis dheireadh idirthréimhse an Bhreatimeachta, níl ceadúnas pobail ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus iompair paisinéirí a bhfuil ceadúnas iompair ábhartha sa Ríocht Aontaithe (RA) acu a thuilleadh agus níl siad incháilithe don SLD.

Tá oibreoirí iompair seanbhunaithe ó TÉ fós incháilithe don SLD. Beidh na hoibreoirí seo faoi réir na riachtanais céanna don scéim seo agus atá oibreoirí iompair bóthair bunaithe san AE.

Ceannacháin díosail

Baineann an SLD le ceannacháin díosail a úsáidtear:

  • i gcúrsa ghníomhaíochtaí a ngnóthais iompair
  • agus
  • ina gcuid mótarfheithiclí cáilitheacha.

Is éard atá i gceist le mótarfheithicil cháilitheach ná:

  • feithicil tarlaithe bóthair a bhfuil uas-mheáchan comhlán luchtaithe ceadaithe nach lú ná 7.5 tonna aici le haghaidh oibreoirí iompair bóthar
  • feithicil catagóir M2 nó M3 d’oibreoirí iompair paisinéirí
  • agus
  • ceannaithe ag oibreoir iompair i bPoblacht na hÉireann
    • le cárta breosla ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim
    • trí cheannachán builc a sheachadtar chuig a n-áitreabh gnó.

Ní mór do cheannacháin builc díosail a bheith:

  • ar mhéid níos mó ná 2,000 lítear
  • soláthartha ag trádálaí breosla mótair a bhfuil ceadúnas reatha trádálaí breosla cairr acu sa Stát
  • agus
  • a bheith seachadta chuig áitreabh nó áit atá faoi stiúir an oibreora iompair bóthair.

Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar cheannachán builc díosail le linn  na tréimhse éilimh sin. 

Féadann na Coimisinéirí Ioncaim fianaise tacaíochta a iarraidh le deimhniú gur dáileadh an díosal chuig feithicil cháilitheach gur úsáid feithicil cháilitheach an breosla. 

Ní cháilíonn ceannacháin díosail (seachas ceannacháin builc) ar chuntas le hairgead tirim, le cárta creidmheasa nó le cárta dochair don scéim.

Ina theannta sin, ní chuirfear éilimh ó thrádálaithe ola mianraí nár chloígh leis an dlí Cánach Ola Mianraí maidir lámhseáil agus seachadadh ola mianraí.

Ar aghaidh: Clárú – Sealbhóirí ceadúnais ó Phoblacht na hÉireann (ROI)