An Scéim Lacáiste Díosail
Clárú – Sealbhóirí ceadúnais ó Phoblacht na hÉireann (ROI)
Cén chaoi a gcláraím le bheith sa Scéim Lacáiste Díosail (SLD)?
Má tá ceadúnas oibreora iompair bóthair agat a eisíodh i bPoblacht na hÉireann, ní mór duit clárú don scéim seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).
Chun clárú, logáil isteach ar ROS agus roghnaigh ‘Bainistigh Clárúcháin Chánach’ faoin gcluaisín ‘Seirbhísí’. Ní mór duit clárú don SLD sula bhféadann tú aon fhógra nó éileamh ar aisíocaíocht SLD a thíolacadh.
Cé na cáipéisí a theastaíonn uaim chun clárú?
Ní mór go mbeadh ceadúnas tarlaithe bóthair náisiúnta nó idirnáisiúnta ag oibreoirí tarlaithe bóthair.
Ní mór d'oibreoirí iompair paisinéirí ceadúnas náisiúnta nó idirnáisiúnta oibreora iompair paisinéirí bóthair a bheith acu.
Chomh maith le ceachtar den dá cheann thuas, teastóidh an méid seo a leanas uait freisin:
- uimhir cheadúnais an oibreora iompair
- uimhir deimhnithe inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair (seachas CPC tiománaí)
- agus
- Deimhniú Imréitigh Cánach reatha
Déan teagmháil leis an Roinn Iompair má tá fiosruithe agat a bhaineann le do cheadúnas oibreora nó uimhreacha CPC.
Fógraí cárta breosla
Ní mór cártaí breosla ó oibreoirí ceadaithe a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim trí ROS.
Mura bhfuil do chineál cárta breosla ar an liosta ceadaithe, déan teagmháil le do sholáthraí cárta breosla chun a chinntiú go bhfuil siad cláraithe don SLD.
Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do cheannacháin cárta breosla a dheimhniú le sonraí a sholáthair do sholáthraí cárta breosla.
Cén chaoi a ndéanaim fógra i leith cárta breosla a chomhlánú?
Féadtar an méid seo a leanas a thíolacadh trí ROS:
- ainm do sholáthraí cárta breosla
- uimhir do chárta breosla
- agus
- an t-ainm nó aitheantóir ar an gcárta.
Físeán ar fhógraí cárta breosla a chomhlánú
Ar aghaidh: Éileamh – sealbhóirí ceadúnais i bPoblacht na hÉireann