An Scéim Lacáiste Díosail

Léargas ginearálta

Aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cuid den Cháin Ola Mianra a íocann oibreoir iompair bóthair cáilitheach nuair atá an méid seo a leanas i gceist leis an díosal:

  • gur cheannaigh do ghnó an díosal laistigh den Stát
  • gur úsáideadh an díosal i gcúrsa ghníomhaíochtaí do ghnóthais iompair
  • agus
  • gur úsáideadh an díosal i mótarfheithiclí cáilitheacha.

Féadtar éileamh ar cheannacháin dhíosail cháilitheacha a thíolacadh chuig Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS): 

  • ar bhonn ráithiúil
  • laistigh de cheithre mhí ó dheireadh na tréimhse éilimh ráithiúla ábhartha.

Mar shampla:

  • Is féidir éilimh do mhí Eanáir - Márta 2025 a éileamh idir an 1 Aibreán agus an 31 Iúil 2025
  • Is féidir éilimh do mhí Aibreáin - Meitheamh 2025 a éileamh idir an 1 Iúil agus an 31 Deireadh Fómhair 2025
  • Is féidir éilimh do mhí Iúil - Meán Fómhair 2025 a éileamh idir an 1 Deireadh Fómhair 2025 agus an 31 Eanáir 2026
  • Is féidir éilimh do Dheireadh Fómhair - Nollaig 2025 a éileamh idir an 1 Eanáir agus an 30 Aibreán 2026.

Ar aghaidh: Cáiliú don Scéim Lacáiste Díosail