An Scéim Lacáiste Díosail

Eolas le haghaidh soláthraithe cárta breosla

Féadfaidh oibreoirí iompair bóthair cáilitheacha éilimh a thíolacadh i leith díosal  a cheannaítear sa Stát. Féadfaidh siad an díosal a cheannach:

Is féidir le soláthraithe breosla a eisíonn nó a rialaíonn cártaí breosla clárú chun a gcártaí a fháil ceadaithe lena n-úsáid faoin Scéim Lacáiste Díosail (SLD).

Próiseas ceadaithe cárta breosla

Chun go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim breithniú a dhéanamh maidir le cárta breosla a cheadú, ní mór duitse, nó d'eintiteas atá ag gníomhú ar do shon, tabhairt faoi sonraí a sholáthar do na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn leanúnach maidir leis an méid seo a leanas:

  •  idirbhearta ceannaigh cárta breosla
  • agus
  • na custaiméirí atá bainteach leis na cártaí.

Chun clárú mar sholáthraí cárta breosla don SLD, tíolaic foirm iarratais SLD chuig an rannóg SLD trí M’Fhiosruithe.