An Scéim Lacáiste Díosail

Clárú – sealbhóirí ceadúnais an Chomhphobail Eorpaigh

Má tá ceadúnas oibreora iompair bóthair agat de chuid an Chomhphobail Eorpaigh, ní mór duit clárú don  Scéim Lacáiste Díosail (SLD) leis an Fhoirm Iarratais Tosaigh d’Oibreoirí AE.

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith i d'iarratas:

  • an dáta corpraithe
  • d'uimhir Cánach Breisluacha (CBL), nó cánach, ó do thír
  • uaslódáil de do cheadúnas bailí (agus cothrom le dáta) CE
  • agus
  • cruthúnas i bhfoirm litreach (a) ar chomhlíontacht chánach ó údarás cánach an Bhallstáit a d’eisigh do cheadúnas oibreora. 

Ní mór do do litir/litreacha:

  • a bheith dátaithe laistigh de thrí mhí ón iarratas a dhéanamh
  • agus
  • comhlíontacht cánach reatha iomlán a dhearbhú le haghaidh:
    • féinmheasúnú (cáin ioncaim nó cáin chorparáide)
    • cáin fostóra
    • agus
    • CBL.

Ní mór do dhoiciméid tacaíochta teacht leis na sonraí a chuirtear ar fáil i d'iarratas agus ní mór iad a uaslódáil in éineacht le d'iarratas mar chomhad PDF.

Nuair a cheadaítear d'iarratas, gheobhaidh tú Uimhir Chlárúcháin Cánach (UTC) don SLD tríd an bpost. Ní mór duit clárú ansin le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun éileamh a thíolacadh. Féadfaidh sé go dtógfaidh an próiseas clárúcháin ROS suas le trí seachtaine.

Físeán ar an bhfoirm iarratais tosaigh a chomhlánú

Nósanna imeachta um fhógraí

Sula ndéanann tú d’éileamh tosaigh a thíolacadh, tá trí nós imeachta um fhógraí le comhlánú agat:

1. Fógraí cárta breosla

Ní fhéadtar lacáiste díosail a éileamh ach amháin le haghaidh ceannacháin díosail a rinne tú ag baint úsáide as cárta breosla atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do cheannacháin cárta breosla a dheimhniú le sonraí a sholáthair do sholáthraí cárta breosla.

Ní mór duit do chártaí breosla a chur le d'uimhir chánach SLD trí ROS sula gcuireann tú éileamh isteach. Mura bhfuil ainm do sholáthraí cárta breosla agus uimhir a chárta breosla ar an liosta, déan teagmháil le do sholáthraí cárta.

Chun cárta breosla a chur isteach nó a leasú trí ROS, beidh an méid seo a leanas ag teastáil:

  • ainm do sholáthraí cárta breosla
  • uimhir do chárta breosla
  • agus
  • an t-ainm nó aitheantóir ar an gcárta.

Físeán ar fhógraí cárta breosla a chomhlánú 

2. Fógraí um Cheadúnas CE

Ní mór sonraí le haghaidh gach ceadúnas CE a thabhairt trí ROS roimh éileamh a thíolacadh. Beidh ort cóip de do cheadúnas bailí (cothrom le dáta) a uaslódáil freisin. Ní mór doiciméid chláraithe feithicle a uaslódáil ar ROS freisin. Ní chuirfear ach feithiclí atá liostaithe ar do cheadúnas CE san áireamh le haghaidh aisíocaíochta faoin scéim. Féadtar lacáiste ar díosail a éileamh a úsáideadh i bhfeithicil ón dáta a cláraíodh d’fheithicil le do cheadúnas.

Físeán maidir le fógraí ceadúnais CE a chomhlánú

3. Fógraí Feithicle de chuid Ballstáit eile AE

Ní mór duit gach feithicil a chlárú le d'uimhir chánach SLD trí ROS sula gcuireann tú éileamh isteach. Teastóidh an méid seo:

  • d’uimhir chlárúcháin
  • an dáta clárúcháin
  • an catagóir feithicle
  • uaslódáil de do cháipéisí cláraithe feithicle
  • an t-ollmheáchan luchtaithe (i kg
  • agus
  • líon na suíochán do phaisinéirí (más cuí).

Físeán ar fhógraí faoi fheithiclí Ballstáit eile a chomhlánú

Ar aghaidh: Éileamh – Sealbhóirí ceadúnais an Comhphobail Eorpaigh (CE)