An Scéim Lacáiste Díosail

Éileamh – sealbhóirí ceadúnais i bPoblacht na hÉireann

Nuair a chláraítear le haghaidh na scéime, beidh tú in ann éilimh ar aisíocaíocht a thíolacadh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Má tá flít mór feithiclí agat, féadtar éilimh a thíolacadh trí chomhad as líne a uaslódáil. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Scéimre agus Nótaí.

Nuair atá éileamh á dhéanamh agat, beidh ort an méid seo a leanas a chur isteach:

  • uimhir cheadúnais an oibreora iompair
  • agus
  • uimhir deimhnithe inniúlachta gairmiúla an bhainisteora iompair (seachas CPC tiománaí).

Ní mór go raibh na sonraí seo gníomhach laistigh de thréimhse an éilimh.

I gcás gach feithicil i d’iarratas, teastóidh an méid seo uait:

  • Uimhir cláraithe na feithicle.
  • Na léamha odaiméadair ag tús na tréimhse aisíocaíochta.
  • Na léamha odaiméadair ag deireadh na tréimhse aisíocaíochta.
  • An chainníocht díosail a ceannaíodh le cárta breosla, agus a úsáideadh san fheithicil sin.
  • An chainníocht díosail a úsáideadh san fheithicil sin ó sholáthar builc.

I gcás gach cárta breosla, teastóidh an méid seo uait:

  • Uimhir an chárta breosla.
  • Toirt iomlán an díosail a ceannaíodh in Eirinn.
  • Toirt iomlán an díosail mótair lena bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith. 

Le haghaidh ceannacháin bhuilc, beidh an méid seo a leanas uait:

  • Ainm agus seoladh an tsoláthraí agus uimhir cheadúnais an trádálaí díosail cairr.
  • Uimhir an tsonraisc.
  • Dáta an tseachadta.
  • Toirt gach ceannacháin.

Tabhair do d'aire

Ní mór gurb é an seoladh seachadta d'áitreabh gnó, nó áitreabh atá faoi do smacht.

Féadfaidh an Roinn Iompair feithicil a chur le do cheadúnas oibreora ag am ar bith. Sa chás gur chuir an Roinn Iompair d'fheithicil le do cheadúnas oibreora le déanaí, d'fhéadfadh sé go dtógfaidh sé trí go ceithre seachtaine le go léireofaí é ar ROS. Nuair a bheidh sé ar fáil ar ROS, féadfaidh tú díosal a úsáidtear i bhfeithicil a éileamh ón dáta a cláraíodh an fheithicil sin le do cheadúnas oibreora.

Féadtar teagmháil a dhéanamh le rannóg na Scéime Lacáiste Díosail (DRS) trí M’Fhiosruithe.

 Físeán ar éileamh SLD a chomhlánú

Ar aghaidh: Clárú – sealbhóirí ceadúnais an Chomhphobail Eorpaigh