Feidhm an díoltóra eisiata chun earraí a dhíol.
Díolann Seán earraí le custaiméirí trí Ardán 123. Tá na díolacháin seo a leanas ag Seán ar an ardán do na tréimhsí intuairiscithe 2023 go 2026.
Cur i bhfeidhm an díoltóra eisiata chun earraí a dhíol
| Bliain | Líon na ndíolachán | Iomlán na Comaoine | Díoltóir Eisiata |
| 2023 |
2 |
€2,200 |
No |
| 2024 |
35 |
€1,750 |
No |
| 2025 |
32 |
€2,500 |
No |
| 2026 |
15 |
€1,500 |
Yes |
Is díoltóir intuairiscithe é Seán le haghaidh:
- 2023, toisc gur sháraigh an chomaoin €2,000
- 2024, toisc gur sháraigh líon na ndíolachán 30
- 2025, toisc gur sháraigh an chomaoin €2,000 agus gur sháraigh líon na ndíolachán 30.
Don bhliain 2026, is díoltóir eisiata é Seán toisc nach mó líon na ndíolachán ná 30 agus nach mó an chomaoin iomlán ná €2,000.
Ní mór d'Ardán 123 gníomhaíochtaí Sheáin a áireamh ina thiolacthaí do 2023, 2024 agus 2024, ach níor cheart é a áireamh ina Tuairisceán DAC7/MRDP do 2026.
Má sháraíonn Seán an tairseach sna blianta ina dhiaidh sin, beidh sé ina dhíoltóir intuairiscithe arís agus ní mór é a áireamh i dtíolacthaí DAC7/MRDP Ardán 123.