DAC7/MRDP
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar eintitis iad
Is creataí comhchosúla iad Treoir (AE) 2021/514 (DAC7) ón gComhairle agus na Rialacha samhla le haghaidh Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDP). Cuireann siad oibleagáid ar oibreoirí ardán digiteach faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú go huathoibríoch faoi dhíoltóirí cláraithe áirithe a úsáideann a n-ardáin chun comaoin a thuilleamh.
Ní mór d'oibreoirí ardáin dícheall cuí a dhéanamh ar dhíoltóirí intuairiscithe chun an fhaisnéis atá liostaithe thíos a bhailiú i gcomhréir le DAC7 agus an MRDP.
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar daoine aonair iad
Éilíonn an DAC7 agus MRDP ar dhíoltóirí ar daoine aonair iad an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'oibreoir ardáin:
- A céadainm agus sloinne.
- A príomhsheoladh.
- Gach Uimhir Aitheantais Cánach (TINs) a eisítear chuig an díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna.
- In éagmais TIN, áit bhreithe an díoltóra. (DAC7 amháin)
- Uimhir aitheantais Cánach Bhreisluacha (CBL), má tá ceann amháin ag an díoltóir.
- Dáta breithe.
Ní éilíonn an MRDP áit bhreithe ná uimhir aitheantais CBL a bhailiú.
Mura díoltóir eisiata é an duine aonair, cuirfidh an t-oibreoir ardáin an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim gach bliain agus tuairisceán DAC7 nó MRDP á thíolacadh acu.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhíoltóirí eisiata, féach 'Díoltóirí nach bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu faoi DAC7/MRDP'.
Faisnéis atá le soláthar d'oibreoirí ardán ag díoltóirí ar eintitis iad
Éilíonn an DAC7 agus MRDP ar dhíoltóirí ar eintitis iad an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d'oibreoir ardáin:
- A n-ainm dlíthiúil.
- A bpríomhsheoladh.
- Sonraí maidir le gach díoltóir intuairiscithe de chuid gach Ballstáit ina ndéantar gníomhaíochtaí ábhartha trí bhuanbhunaíocht in aon Bhallstát, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.
- Gach Uimhir Aitheantais Cánach (TINs) a eisítear chuig an díoltóir sin, lena n-áirítear gach Ballstát eisiúna.
- A n-uimhir aitheantais CBL, nuair atá sí ar fáil.
- A n-uimhir chlárúcháin ghnó.
Ní éilíonn an MRDP faisnéis bhuanbhunaíochta ná uimhreacha aitheantais CBL a bhailiú.
Mura díoltóir eisiata é an t-eintiteas, cuirfidh an t-oibreoir ardáin an fhaisnéis seo ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim gach bliain agus tuairisceán DAC7 nó MRDP á thíolacadh aige. Féadfaidh oibreoirí ardáin brath ar dhícheall cuí a rinneadh do thréimhsí intuairiscithe roimhe sin i gcás inar fíoraíodh an fhaisnéis laistigh den 36 mhí anuas.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhíoltóirí eisiata, féach 'Díoltóirí nach bhfuil oibleagáid tuairiscithe orthu faoi DAC7/MRDP'.
Ar aghaidh: Faisnéis a thuairiscítear maidir le díoltóirí faoi DAC7