DAC7/MRDP

Oibleagáidí clárúcháin d'oibreoirí ardán

Oibreoirí ardán atá lonnaithe in Éirinn

Bhí ar oibreoirí ardán clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Council Directive (EU) 2021/514 (DAC7) faoin 30 Samhain 2023 más rud é:

  • go raibh siad cónaitheach in Éirinn
  • go raibh siad corpraithe in Éirinn
  • go raibh buanbhunaíocht acu in Éirinn.

Ní mór d'oibreoirí ardán a thuairiscíonn in Éirinn chun críocha MRDP díoltóirí intuairiscithe a bheith i ndlínse comhpháirtíochta.

Más rud é, tar éis an 30 Samhain 2023, go gcomhlíonann oibreoir ardán ceann de na coinníollacha seo, ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi dheireadh na míosa tar éis na míosa inar chomhlíonn siad ceann de na coinníollacha. Mar shampla, má thagann oibreoir ardán chun bheith ina chónaí in Éirinn ar an 5 Bealtaine 2026, ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 30 Meitheamh 2026.

Ní mór d’oibreoirí ardán atá lonnaithe in Éirinn Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe DAC7 nó MRDP.

Tabhair do d'aire

Tá dualgas ar gach oibreoir ardán atá lonnaithe in Éirinn tuairisceán a chlárú agus a thíolacadh fiú mura oibreoirí ardán tuairiscithe iad. Ní mór d'oibreoirí ardán eisiata clárú agus 'Tuairisceán Nialasach' bliantúil a thíolacadh trí ROS.

Coinníollacha a chomhlíontar i mBallstát amháin nó níos mó den Aontas Eorpach (AE)

Má chomhlíonann oibreoir ardán atá lonnaithe in Éirinn na coinníollacha thuas i mBallstát eile den AE freisin, féadfaidh sé Ballstát eile den AE a roghnú chun clárú ann.

Má roghnaíonn an t-ardán clárú i mBallstát eile den AE, ní mór dóibh na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhinn. Ní mór dóibh sin a dhéanamh faoi dheireadh na míosa tar éis na míosa ar chomhlíonn siad ceann de na coinníollacha thuasluaite.

Oibreoirí ardán nach bhfuil lonnaithe san AE

Féadfaidh oibreoir ardán nach bhfuil lonnaithe san Aontas Ballstát an rogha a dhéanamh chun clárú agus tuairisceáin a thíolacadh chun críocha DAC7 má éascaíonn sé:

  • do dhíoltóir intuairiscithe atá lonnaithe i mBallstát gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh
  • gníomhaíochtaí ábhartha a bhaineann le maoin do-aistrithe atá lonnaithe i mBallstát.

Má chomhlíonann oibreoir ardán ceann de na coinníollacha seo agus má roghnaíonn siad tuairisciú in Éirinn, ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi dheireadh na míosa tar éis na míosa inar chomhlíonn siad ceann de na coinníollacha. Mar shampla, éascaíonn oibreoir ardán gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh den chéad uair an 5 Bealtaine 2026. Éilítear orthu, mar sin, clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim faoin 30 Meitheamh 2026.

Nuair atádar cláraithe, eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim aitheantas oibreora ardáin (an Uimhir Aitheantais Aonair, nó 'IIN) chuig an oibreoir ardáin. Ní mór d'oibreoirí ardán nach bhfuil san Aontas a IIN a chur isteach sa réimse ábhartha de thuairisceáin DAC7.

Ní cheanglaítear ar oibreoir ardáin clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar atá leagtha amach thuas, má tá an méid seo a leanas déanta ag an oibreoir ardáin sin:

  • tá sé cláraithe i mBallstát eile den AE chun críocha DAC7
  • tá aitheantas oibreora ardáin faighte aige ón mBallstát eile den AE
  • agus
  • níor cúlghaireadh a aitheantas.

Ba chóir d'oibreoirí ardán nach bhfuil lonnaithe san Aontas clárú tríd an Tairseach clárúcháin neamhchónaitheach. Féach an Tax and Duty Manual Part 33-03-05 chun tuilleadh eolais a fháil ar conas:

  • clárú mar eintiteas tuairiscithe
  • agus
  • clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe.

Rialacha Tuairiscithe Samhail d'Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDPanna)

Féadfaidh oibreoir ardáin a roghnú cá gcláróidh sé agus cá dtíolacfaidh sé chun críocha MRDP má tá siad:

  • cónaitheach in Éirinn 
  • corpraithe in Éirinn
  • go bhfuil bunaíocht bhuan acu in Éirinn.

Ní mór d'oibreoirí ardán atá a thuairiscíonn in Éirinn chun críocha MRDP díoltóirí intuairiscithe a bheith i ndlínse comhpháirtíochta. Faoi láthair, tá trí dhlínse chomhpháirtíochta ag Éirinn faoin MRDP. Is iad sin Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe (RA).

I gcás ina gcomhlíonann oibreoir ardáin na critéir thuas in Éirinn agus i ndlínse chomhpháirtíochta, féadfaidh sé a roghnú cá ndéanfar tíolacthaí. Ní mór don oibreoir ardáin na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhínn má roghnaítear clárú i ndlínse chomhpháirtíochta. 

Oibleagáidí díchlárúcháin in Éirinn

Ba chóir d'oibreoir ardáin díchlárú má tá siad:

  • cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha DAC7 nó MRDP
  • agus
  • nach gcomhlíonann siad na coinníollacha a thuilleadh maidir le tuairisciú DAC7 nó MRDP in Éirinn.

Sa chás go bhfuil feidhm aige seo, ba chóir don oibreoir ardáin díchlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór dóibh díchlárú faoin lá deireanach den mhí i ndiaidh na míosa sin nach bhfuil fheidhm leis na coinníollacha clárúcháin.

Ar aghaidh: Oibleagáidí tuairiscithe d'oibreoirí ardán