DAC7/MRDP

Conas Tuairisceán DAC7 a thíolacadh

Ba chóir d’oibreoirí ardán Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe DAC7/MRDP. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS.

Nuair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú don dualgas tuairiscithe DAC7/MRDP. Féadfaidh tú ansin na tuairisceáin DAC7/MRDP a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS. Is féidir é sin a dhéanamh leis an bhfoirm ar líne, trí comhad XML a thíolacadh, nó trí shaoráid API.

Tá sé d'oibleagáid ar oibreoirí ardáin a chinntiú go dtíolacann siad sonraí iomlána agus cearta i gcomhréir leis an doiciméadacht theicniúil. Ba chóir nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm lena chinntiú go ndéantar dícheall cuí cruinn.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Forbróirí bogearraí agus DAC7/MRDP registration and filing FAQs.