DAC7/MRDP

Oibleagáidí tuairiscithe d'oibreoirí ardán

Le Treoir 2021/514 ón gComhairle (AE) (DAC7), ceanglaítear ar oibreoirí ardán faisnéis a bhailiú agus a thuairisciú faoi dhíoltóirí atá cláraithe ar a n-ardán chun breithniú a thuilleamh. Baineann sé seo cibé acu is daoine aonair nó éintitis iad na díoltóirí intuairiscithe agus cibé acu atá siad cónaitheach san Aontais Eorpach (AE), nó an bhfuil maoin do-aistrithe ar cíos acu ann.

Is creat den chineál céanna iad na Rialacha Tuairiscithe Samhail d'Oibreoirí Ardán Digiteach (MRDPanna). Ní bheidh feidhm aige ach amháin sa chás go bhfuil an díoltóir intuairiscithe cónaitheach i ndlínse comhpháirtíochta lasmuigh den AE, nó go bhfuil maoin do-aistrithe ar cíos aige inti. 

Tá dualgas ar oibreoirí ardán a thuairiscíonn in Éirinn na sonraí seo a leanas a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le gach díoltóir intuairiscithe:

  • Sonraí aitheantais amhail ainm, seoladh agus Uimhir Aitheantais Cánach (TIN).
  • An chomaoin iomlán a íocadh lwo, nó a cuireadh chun sochair dóibh, le linn gach ráithe den tréimhse intuairiscithe.
  • Líon na ngníomhaíochtaí a tharla le linn gach ráithe den tréimhse intuairiscithe.
  • Aon táillí, coimisiúin nó cánacha a choinneáil siar nó a ghearrfaidh oibreoir an ardáin tuairiscithe le linn gach ráithe den tréimhse intuairiscithe.
  • Aitheantóir a gcuntais airgeadais, má tá sé ar fáil.
  • I gcás nach ionann é agus ainm díoltóra intuairiscithe:
    • ainm shealbhóir an chuntais airgeadais a bhfuil an chomaoin íoctha nó chun sochair dó, a mhéid atá ar fáil
    • aon fhaisnéis aitheantais airgeadais eile atá ar fáil don oibreoir ardáin tuairiscithe
    • agus
    • gach Ballstát, nó dlínsí comhpháirtíochta, ina bhfuil an díoltóir intuairiscithe cónaitheach.

Faoi láthair, tá trí dhlínse chomhpháirtíochta ag Éireann faoi MRDP. Is iad sin Ceanada, an Nua-Shéalainn agus an Ríocht Aontaithe (RA).

Níor cheart ach faisnéis faoi ghníomhaíochtaí ábhartha a dhéantar i ndáil le maoin do-aistrithe agus seirbhísí pearsanta a bhailiú maidir le díoltóirí atá cónaitheach sa Nua-Shéalainn.

Tabhair do d'aire

Tá dualgas ar gach oibreoir ardán atá lonnaithe in Éirinn clárú fiú mura oibreoirí ardán tuairiscithe iad. Ní mór d'oibreoirí ardán eisiata clárú agus 'Tuairisceán Nialasach' bliantúil a thíolacadh trí Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Ar aghaidh: Meicníocht choibhéise atá infheidhme maidir le hoibreoirí ardán neamh-Aontais