DAC7
Faisnéis a thuairiscítear maidir le díoltóirí faoi DAC7
Ní mór d'oibritheoirí ardán tuairisceán bliantúil a thíolacadh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar dhíoltóirí intuairiscithe a rinne gníomhaíochtaí ábhartha ar a n-ardán sa bhliain roimhe sin. Gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncaim sonraí freisin maidir le díoltóirí Éireannacha a úsáideann ardáin i mBallstáit eile gach bliain.
Oibleagáidí cánachais atá ag díoltóirí a úsáideann ardáin ar líne
Tabhair do d'aire
Níor thug DAC7 aon oibleagáidí nua cánach isteach do dhíoltóirí a dhéanann gníomhaíochtaí ábhartha.
Má oibríonn tú trí ardáin dhigiteacha, is ionann do chuid oibleagáidí cánach agus dá mbeifeá ag feidhmiú in aon earnáil eile den gheilleagar. Ní mór duit ioncam breise a thuilltear a dhearbhú. I gcúinsí áirithe, féadfaidh díoltóirí a bheith faoi réir cánach ar an ioncam a thuill siad agus iad i mbun gníomhaíochtaí ábhartha trí ardáin dhigiteacha.
Cáin ar dhíolachán earraí
Baineann Cáin Ioncaim go ginearálta leis na brabúis a thuilleann duine ó earraí a dhíoltar nó ó sheirbhísí a sholáthraítear agus iad i mbun trádála. Is iad na gnéithe tábhachtacha a bhaineann leis seo ná:
- i gcás daoine aonair a dhíolann earraí pearsanta nach dteastaíonn uathu a thuilleadh, ní dócha gur i mbun trádála atá siad
- agus
- níl Cáin Ioncaim inmhuirir ar an gcomaoin a fuarthas i leith earraí a díoladh, ach ar na brabúis a thuilltear. Ciallaíonn sé seo, agus brabúis incháinithe á ríomh, gur féidir asbhaint a éileamh i leith costas na n-earraí a dhíoltar agus costais chuí eile.
Sampla 1
Cheannaigh Sorcha mála láimhe le haghaidh bainise. Níl an mála láimhe ag teastáil a thuilleadh agus mar sin socraíonn sí é a dhíol. Nuair a cheannaigh Sorcha nua é, chosain an mála láimhe €500. D'fhógair Sorcha go raibh an mála láimhe le díol ar ardán agus dhíol sí é ar €400.
Toisc nach ndearna Sorcha aon bhrabús ar dhíol an mhála láimhe, níl aon dliteanas cánach breise aici. Sa chás seo, níl dualgas ar Shorcha díol an earra a dhearbhú mar nár ghin sí ioncam breise ar an díolachán.
Sampla 2
Ceannaíonn agus díolann Seán earraí go rialta ar ardáin d'fhonn brabús a dhéanamh. I gcaitheamh na bliana, fuair sé €3,500 ó earraí a dhíol ar líne. Cheannaigh Seán na hearraí ar dtús ar €2,300. Ní mór do Sheán an brabús a dearnadh €1,200 (is é sin, €3,500 - €2,300) a dhearbhú ar a Thuairisceán Cánach Ioncaim don bhliain.
Díoltóirí aonair
Más díoltóir aonair agus fostaí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, féadtar cáin a ghearradh ort ar aon ioncam neamh-ÍMAT a thuilltear tríd an ardán. Ní mór duit brabúis bhreise a thuilltear ó dhíol trí ardáin ar líne a dhearbhú trí Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh trí úsáid a bhaint as moChúrsaí.
Ní mór duit clárú le haghaidh féinmheasúnú má:
- tá d'ioncam incháinithe neamh-ÍMAT níos mó ná €5,000
- nó
- tá d'ioncam comhlán neamh-ÍMAT níos mó ná €30,000.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le ioncam breise a thuilltear a dhearbhú, féach an bhfuil d'ioncam breise incháinithe?
Cáin Bhreisluacha (CBL)
Maidir le CBL, sa chás gur mó an t-ioncam a fhaightear ná na tairseacha clárúcháin, ní mór don duine clárú le haghaidh CBL. Is iad seo a leanas na tairseacha clárúcháin reatha:
- €40,000 do sholáthar seirbhísí
- agus
- €80,000 do sholáthar earraí.
Ar aghaidh: Díoltóirí nach bhfuil oibleagáidí tuairiscithe acu faoi DAC7