Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála

An asbhaint fheabhsaithe a ríomh

Is éard is asbhaint fheabhsaithe ann ná 25% den chaiteachas incháilithe a thabhaíonn an duine ábhartha ar an bhforbairt chríochnaithe.

Ní fhéadfaidh an méid sin a bheith níos mó ná asbhaint fheabhsaithe uasta, is é toradh na dtrí mhéid seo a leanas:

  • líon na n-árasán sa bhforbairt chríochnaithe
  • €50,000
  • agus
  • céatadán na forbartha críochnaithe atá faoi úinéireacht thairbhiúil, nó a mheastar a bheith faoi úinéireacht thairbhiúil, ag an duine ábhartha ar an dáta ábhartha.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 04-06-27.