Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála
Foirm Dearbhaithe Ábhartha
Ní fhéadfaidh úinéir tairbhiúil forbartha críochnaithe an asbhaint fheabhsaithe a éileamh mura duine ábhartha atá ann. Mura duine ábhartha é an t-úinéir tairbhiúil, féadfaidh sé Dearbhú Ábhartha - Foirm 81E a thíolacadh chuig conraitheoir ábhartha.
Sainmhíniú
Is éard is úinéir tairbhiúil ábhartha ann ná úinéir tairbhiúil forbartha críochnaithe nach duine ábhartha é i leith na forbartha críochnaithe sin.
Ligeann an Fhoirm Dearbhaithe Ábhartha don chonraitheoir ábhartha a d'fhorbair an fhorbairt chríochnaithe éileamh a dhéanamh ar an asbhaint fheabhsaithe.
Ní mór don úinéir tairbhiúil ábhartha, ar a dtugtar 'an dearbhóir', an Fhoirm Dearbhaithe Ábhartha a shíniú, agus méid seo a leanas chur san áireamh:
- ainm, seoladh agus Uimhir Thagartha Cánach (UTC) an dearbhóra agus an chonraitheora ábhartha araon
- agus
- seoladh na forbartha críochnaithe and líon na n-árasán sa bhforbairt chríochnaithe.
Ní mór don Fhoirm Dearbhaithe Ábhartha:
- a dhearbhú gur úiréir tairbhiúil ábhartha ar an bhForbairt chríochnaithe é an dearbhóir, agus céatadán a úinéireachta a lua
- a dheimhniú gur fhorbair an conraitheoir ábhartha an fhorbairt chríochnaithe faoi théarmaí conartha idir an dearbhóir agus an conraitheoir ábhartha
- a dheimhniú nach duine ábhartha é an dearbhóir i leith na forbartha críochnaithe
- agus
- a dheimhniú nach ndearna an dearbhóir aon dearbhú ábhartha eile chuig aon chonraitheoir ábhartha eile i leith na forbartha críochnaithe.
Taifead a choinneáil
Ní mór an Fhoirm Dearbhaithe Ábhartha a choimeád ar feadh tréimhse sé bliana ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann an t-éileamh.
Má tá níos mó ná úinéir tairbhiúil ábhartha amháin ann, ní mór do gach ceann acu Foirm Dearbhaithe Ábhartha a chomhlánú agus a sholáthar don chonraitheoir ábhartha seo.
Ar aghaidh: An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh