Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála

Forbairt chríochnaithe

Is bloc árasán cáilitheach é forbairt chríochnaithe lena bhfuil na nithe seo a leanas i gceist:

  • deonaíodh cead pleanála i leith deich n-árasán nua ar a laghad
  • dearnadh fógra tosaithe ábhartha a thaisceadh leis an údarás áitiúil idir an 8 Deireadh Fómhair 2025 agus an 31 Nollaig 2030
  • agus
  • sula dtéann an cead pleanála in éag:
    • cuireadh gach obair riachtanach i gcríoch lena chinntiú go bhfuil gach árasán oiriúnach le haghaidh áitiú
    • agus
    • dearnadh Deimhniú Comhlíontachta ar Chríochnú ábhartha a thaisceadh leis an údarás áitiúil ábhartha.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 04-06-27.

Bloc árasán cáilitheach

Is foirgneamh é bloc árasán cáilithheach:

  • átá ina fhoirgneamh ilstórach ina bhfuil deich n-árasán nó níos mó
  • atá:
    • tógtha as an nua
    • a dearnadh athrú ábhartha air sa chaoi is gur foirgneamh ilstórach é an foirgneamh anois ina bhfuil deich n-árasán nó níos mó
  • agus
  • a chuimsíonn limistéir choimhdeacha, amhail gairdíní nó tailte.

Tarlaíonn athrú ábhartha nuair a éiríonn foirgneamh nó chuid de, nó struchtúr nó chuid de, oiriúnach le haghaidh cónaí tar éis athchóirithe cáilitheach, nuair:

  • nach raibh sé tógtha ar dtús mar áit chónaithe
  • go raibh sé tógtha ar dtús mar áit chónaithe ach nach raibh sé oiriúnach lena úsáid mar áit chónaithe nó go raibh sé in úsáid chun críocha eile.

Ní mór do gach árasán sa bhloc árasán cáiltitheach:

  • a bheith ina áit chónaithe ar leith agus féinchuimsitheach
  • áiseanna codlata, seomra folctha, agus cócaireachta príobháideach a bheith aige le húsáid eisiach an áititheora
  • agus
  • bealach isteach a roinnt le hárasáin eile mura bhfuil an t-árasán ar an urlár talaimh.

Ar aghaidh: Caiteachas incháilithe