Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála

Caiteachas incháilithe

Tá an asbhaint fheabhsaithe ar fáil le haghaidh caiteachais incháilithe a thabhaítear ar fhorbairt chríochnaithe. Áirítear leis seo:

  • an caiteachas tógála a tabhaíodh i leith bloc árasán cáilitheach nua-thógtha
  • an caiteachas athchóirithe cáilitheach a tabhaíodh agus a d'fhág athrú ábhartha ar an gcaoi a úsáidtear foirgneamh nó struchtúr. Áirítear leis an gcaiteachas a thabhaítear ar athchóiriú cáilitheach:
    • tógáil, atógáil, athchóiriú, deisiú nó athnuachan an fhoirgnimh nó an struchtúir
    • agus
    • uasghrádú ar shaoráidí uisce, séarachais, nó téimh an fhoirgnimh nó an structúir.

D'fhéadfadh caiteachas a bheith incháilithe le haghaidh faoisimh má thabhaítear é suas go dtí an dáta a thíolactar an Deimhniú Comhlíontachta ar Chríochnú ábhartha.

Níl an asbhaint fheabhsaithe ar fáil i leith caiteachais chaipitil nó caiteachais neamh-incháilithe.

Caiteachas neamh-incháilithe

Ní cháilíonn na costais seo a leanas d'fhaoiseamh:

  • costais airgeadais
  • costais árachais
  • táillí gairmiúla agus dlí
  • costais díolacháin agus margaíochta
  • cánacha, dleachtanna, tobhaigh, nó muirir faoi chúram agus faoi bhainistíocht na gCoimisinéirí Ioncaim
  • aon talamh a fháil, nó cearta in aon talamh nó thar aon talamh
  • agus
  • tobhaigh, táillí, muirir, nó ranníocaíochtaí a fhorchuirtear le haon achtachán i leith na forbartha críochnaithe, lena n-áirítear:
    • ranníocaíochtaí forbartha
    • táillí ceangail fóntais
    • tobhaigh chomhshaoil
    • táillí iarratais phleanála
    • táillí rialaithe foirgníochta
    • táillí rátála fuinnimh foirgníochta.

Ar aghaidh: Cé atá in ann faoiseamh a éileamh?