Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála
Cé atá in ann faoiseamh a éileamh?
Féadfaidh duine ábhartha a thabhaíonn caiteachas incháilithe i leith forbartha críochnaithe, an asbhaint fheabhsaithe a éileamh.
Is duine ábhartha cuideachta gur:
- forbróir maoine atá inti
- nó
- conraitheoir ábhartha atá inti.
Forbróir Maoine
Is cuideachta í forbróir maoine a fhorbraíonn forbairt chríochnaithe le linn trádála forbartha maoine ábhartha.
Is éard is trádáil ábhartha forbartha maoine ann ná trádáil:
- nach bhfuil ina trádáil eiscthe
- agus
- atá comhdhéanta go hiomlán nó den chuid is mó de thógáil nó athchóiriú foirgnimh nó struchtúr d’fhonn iad a dhíol.
Ní mór do chuideachtaí úinéireacht thairbhiúil a bheith acu ar an bhforbairt chríochnaithe ar an dáta a chuirtear an Deimhniú Comhlíontachta ar Chríochnú na forbartha faoi bhráid an údaráis áitiúil.
Féadfaidh forbróir maoine an asbhaint fheabhsaithe a éileamh i gcoinne brabúis a thrádála forbartha maoine ábhartha.
Conraitheoir ábhartha
Is éard is conraitheoir ábhartha ann ná cuideachta:
- a fhorbraíonn forbairt chríochnaithe le linn trádála cáilithe faoi théarmaí conartha le húinéir tairbhiúil na forbartha críochnaithe
- agus
- a bhfuil Foirm Dhearbhaithe Ábhartha sínithe ón úinéir tairbhiúil ábhartha ina seilbh.
Is éard is trádáil cháilitheach ann ná trádáil:
- nach trádáil eiscthe í
- agus
- atá comhdhéanta go hiomlán nó den chuid is mó de thógáil nó athchóiriú foirgnimh nó struchtúr.
Féadfaidh conraitheoir ábhartha an asbhaint fheabhsaithe a éileamh i gcoinne brabúis a thrádála cáilithe.
Ar aghaidh: Foirm Dearbhaithe Ábhartha