Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála

Léargas ginearálta

Soláthraíonn an asbhaint fheabhsaithe do chaitheachas incháilithe tógála faoiseamh Cánach Corparáide maidir le caiteachas incháilithe a thabhaíonn duine ábhartha i ndáil le forbairt chríochnaithe.

Tá asbhaint bhreise ar fáil chun brabús trádála a ríomh le haghaidh 25 faoin gcéad de chaiteachas áirithe tógála. Tá sé seo faoi réir uasteorainn €50,000 a mhéadaítear faoi líon na n-árasán sa bhforbairt chríochnaithe. Ní mór an tsuim a áireamh ar bhonn pro rata de réir chéatadán na forbartha críochnaithe atá faoi úinéireacht thairbhiúil an duine ábhartha.

Ar aghaidh: Forbairt chríochnaithe