Asbhaint Fheabhsaithe do chaiteachas incháilithe tógála

An chaoi leis an bhfaoiseamh a éileamh

Féadfaidh duine ábhartha an asbhaint fheabhsaithe a éileamh laistigh de 12 mhí ó dheireadh tréimshse cúntasaíochta ábhartha lena mbaineann an t-éileamh.

Is í an tréimhse cúntasaíochta ábhartha an tréimhse ina dtíolactar an Deimhniú Comhlíontachta ar Chríochnú ábhartha d'fhorbairt chríochnaithe don údarás áitiúil ábhartha.

Ba cheart an t-éileamh a dhéanamh trí Fhoirm CT1 a thíolacadh don tréimhse cuntasaíochta sin. Agus é sin á dhéanamh, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • sonraí faoin gcaitheachas incháilithe a tabhaíodh i leith na forbartha críochnaithe
  • líon na n-árasán sa bhforbairt chríochnaithe
  • agus
  • aon fhaisnéis eile a d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim a éileamh go réasúnach.

Ar aghaidh: An asbhaint fheabhsaithe a ríomh