Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

Léargas ginearálta

Céard atá i gceist le gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar?

Go ginearálta, is éard atá i gceist le gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar ná nuair a bhíonn gnóthais (lena n-áirítear gairmeacha) agus daoine aonair i mbun cleachtais mhíchuí. Déanann na cleachtais seo oibleagáidí dlíthiúla a sheachaint i dtaca le cúraimí amhail:

  • cánacha & dleachta 
  • ÁSPC 
  • ceadúnais
  • agus
  • fostaíocht.

Tá an méid seo a leanas san áireamh i ngníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar:

  • gan foinse incháinithe ioncaim a dhearbhú nó a í ghanndearbhú 
  • fostaithe a íoc ag fostóirí in airgead tirim faoi 'shocrú faoi choim' chun cáin agus dliteanais ÁSPC a sheachaint
  • ag obair nó i mbun gnóthais agus ag éileamh sochair cuardaitheora poist go bréagach ón An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • gan an Córas Cánach Breisluacha (CBL) a chur i bhfeidhm
  • smuigleáil tobac, lena n-áirítear tairgí tobac mídhleathacha a dhíol
  • sciúradh ola, lena n-áirítear díosal nite a dhíol.

Tarlaíonn an chuid is mó de ghníomhaíocht sa scáthgheilleagar nuair a úsáidtear airgead tirim chun íoc as earraí agus as seirbhísí.

Céard iad na príomhéifeachtaí atá ag gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar?

Gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar:

  • laghdaíonn sé cánacha, dleachtanna agus ioncam eile atá dlite don Stát
  • cruthaíonn sé neamhchothroime iomaíochta gnó a bhfuil éifeacht dhiúltach aige ar ghnóthais dhlisteanacha ó thaobh iomaíochais, inbhuanaitheacht agus cruthú post go fadtéarmach.

Ar aghaidh: Gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar a thuairisciú (imghabháil cánach)