Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

Smuigleáil Tobac

Is príomhthosaíocht i gcónaí do na Coimisinéirí Ioncaim é dul i ngleic leis an trádáil mhídhleathach tobac. San áireamh i bhfreagra na gCoimisinéirí Ioncaim ar an bhfadhb seo tá roinnt gnéithe lárnacha atá deartha chun díriú ar sholáthar nó ar dhíol mídhleathach táirgí tobac. Chomh maith leis sin, tá sé mar sprioc na táirgí mídhleathacha a urghabháil agus iad siúd atá freagrach a ionchúiseamh.

Díríonn oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim ar an trádáil mhídhleathach iar-allmhairithe trí oibriúcháin bunaithe ar fhaisnéis agus seiceálacha randamacha a dhéanamh ag:

  • ionaid miondíolacháin
  • ag margaí
  • agus
  • ag áitribh phríobháideacha agus tráchtála.

Tá bearta sráide san áireamh sna seiceálacha seo chun dul i ngleic le díol mídhleathacha toitíní.

Ag leibhéal náisiúnta, oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim go dlúth le gníomhaireachtaí eile Stáit ar nós an Gharda Síochána agus an Biúró um Shócmhainní Coiriúla. Oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim go dlúth freisin leis an Aontas Eorpach agus le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ballstáit eile, lena n-áirítear:

  • an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF)
  • agus
  • Europol.

Chun an fhaisnéis is fearr a fháil ar lastais mídhleathacha ag teacht isteach go hÉirinn.

Oibríonn na Coimisinéirí Ioncaim go dlúth, trí ghrúpa trasteorann ar fhorfheidhmiú tobac, le gníomhaireachtaí i dTuaisceart Éireann chun:

  • dul i ngleic leis an trádáil mhídhleathach ar bhonn uile-oileáin agus é a aithint
  • agus
  • chun dul i ngleic leis na grúpaí eagraithe coiriúla atá freagrach as sciar mór den mhargadh tobac mhídhleathach.

Beolíne Toitíní Mídhleathacha

Má tá eolas agat faoi thoitíní mídhleathacha, déan teagmháil lenár mbeolíne faoi rún. Saorghlao 1800 295 295

Ar aghaidh: Céard atá na Coimisinéirí Ioncaim ag déanamh faoin scáthgheilleagar?