Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

Sciúradh Ola

Tá straitéis na gCoimisinéirí Ioncaim ar dhul i ngleic le sciúradh breosla bunaithe ar:

  • chóras feabhsaithe um thuairisciú agus monatóireacht ar shlabhra an tsoláthair do sholáthraithe agus do mhiondíoltóirí
  • an córas um cheadúnú breosla a dhéanamh níos doichte
  • agus
  • cumhachtaí na gCoimisinéirí Ioncaim chun ceadúnais a dhiúltú nó a chúlghairm a neartú.

Tacaíodh leis na bearta seo trí ghníomhaíochtaí láidre forfheidhmithe, rud a treisíodh tar éis Accutrace S10 a thabhairt isteach.  San áireamh i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe den chineál sin, tá úsáid a bhaint as anailíseoirí iniompartha breosla chun:

  • sampláil breosla a dhéanamh ar thaobh an bhóthair
  • agus
  • ag áitreabh shealbhóir an cheadúnais breosla gluaisteáin.

Tá an clár samplála randamach agus taighde breise ar na treochtaí sa mhargadh ola foilsithe ar ár suíomh idirlín. Léirítear go bhfuil an straitéis fhoriomlán atá ag na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt faoin trádáil mhídhleathach in ola go rathúil.

Leanfaidh muid orainn ag athbhreithniú ár straitéise ionas ár straitéis ionas go bhféadfaimis imscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar thrádálaithe atá i mbun gníomhaíochtaí amhrasta. Mura bhfuil siad in ann cuntas ceart a thabhairt ar fhoinse nó ar dhiúscairt an táirge, d'fhéadfaí a gceadúnas a chúlghairm, measúnacht chánach a dhéanamh orthu agus nuair is cuí, ionchúiseamh.

Inár n-iarrachtaí chun dul i ngleic le gníomhaíocht sa scáthgheilleagar maidir le holaí marcáilte tá treoirlínte do thrádálaithe ola mianraí forbartha ag na Coimisinéirí Ioncaim. Tá sé dearbhaithe ag Soláithraithe do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil céimeanna á nglacadh acu chun cosc a chur ar sholáthairtí a bhaineann le sciúradh breosla.

Ar aghaidh: Smuigleáil Tobac