Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

An bhfuil seachobair ar siúl agat? (tugtar obair faoi choim air seo freisin)

Céard is brí leis an téarma ‘seachobair’ i gcomhthéacs cánach agus leasa shóisialaí?

Baineann an téarma ‘seachobair’ go ginearálta le ioncam ó obair pháirtaimseartha a bhíonn ar siúl ag duine nach dtuairiscítear d’údaráis ábhartha amhail na Coimisinéirí Ioncaim.

Oibríonn tú ar bhonn páirtaimseartha agus d’inis d’fhostóir duit nach gá duit tú “ a chur trí na leabhair”. An bhfuil an ceart ag an bhfostóir?

Níl. Caithfear pánna , fiú ó phost sealadach nó ó phost páirtaimseartha a chur trí na leabhair:

Tá tú i bhfostaíocht lánaimseartha ÍMAT agus tá post páirtaimseartha agat freisin. Insíonn an fostóir maidir le do phost páirtaimseartha duit nach gá do phá "a chur trí na leabhair" mar nach bhfuil tú ag obair ach go páirtaimseartha. An bhfuil an ceart ag an bhfostóir?

Níl. Caithfear pánna, fiú ó phost sealadach nó ó phost páirtaimseartha a chur trí na leabhair:

  • do cháin
  • don MSU
  • agus
  • chun críocha ÁSPC.

Tá tú i bhfostaíocht ÍMAT lánaimseartha agus tá gnóthas beag agat ag díol earraí ag margaí, taispeántais agus tríd an idirlín. An bhfuil ioncam ón ngnóthas beag sin incháinithe?

Tá. Tá cáin iníoctha ar na brabúis ón ngnóthas sin.

Is oibrí oilte thú i bhfostaíocht lánaimseartha ÍMAT agus, mura mbaineann tú leis an bpost sin, déanann tú roinnt oibre ' ar an taobh ' le haghaidh airgead tirim. An bhfuil an t-ioncam incháinithe?

Tá . Is gnó é a bheith ag obair 'ar an taobh' agus tá na brabúis ón ngnó sin incháinithe go hiomlán.

An bhféadfaidh tú an cháin atá dlite ar d’fho-ghnó a íoc trí do phost ÍMAT?

I gcúinsí áirithe, féadfaidh. Is iad na cúinsí sin ná nuair atá na brabúis ón ngnó sin níos lú ná €5,000 in aghaidh na bliana (agus go bhfuil an t-ioncam comhlán níos lú ná €30,000 in aghaidh na bliana). Bailítear an cháin atá dlite uait trí na creidmheasanna cánach a laghdú a fhritháirítear go hiondúil in aghaidh do phá ó do phost ÍMAT.

Ar aghaidh: An Grúpa Monatóireachta maidir leis an nGeilleagar Folaithe (GMGF)