Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

Ioncam gan tuairisciú

Céard iad na hiarmhairtí do dhuine nach dtuairiscíonn ioncam nó a thugann tuairisciú faoi luach an ioncaim chun críocha cánach?

Is imghabháil cánach é gan ioncam a dhearbhú nó é a ghanndearbhú chun críche cánach. Beidh ar dhaoine i mbun imghabháil cánach an méid seo a leanas a íoc:

  • a gcuid dliteanais cánach gan íoc
  • ús ar na dliteanais sin.

Cuireann siad iad féin freisin faoi dhliteanas smachtbhannaí amhail pionóis agus i gcúinsí áirithe, ionchúiseamh coiriúil.

An bhfuil ioncam ó seachobair incháinithe?

Tá. Tugtar seachobair ar obair nach í príomhfhoinse ioncaim an duine í.

An bhfuil na brabúis ó fhoinse mhídhleathach nó neamhaithnid incháinithe?

Tá. Is incháinithe go hiomlán iad aon bhrabúis a thagann aníos ina n-iomláine nó i bpáirt ó fhoinse nó gníomhaíocht mhídhleathach nó a thagann aníos ó fhoinse nó ó ghníomhaíocht nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas fúthu.

Céard is ceart duit a dhéanamh mura bhfuil dearbhú nó dearbhú iomlán tugtha agat i dtaca le foinse d'ioncaim?

Mar atá luaite thuas, is imghabháil cánach é gan ioncam a dhearbhú ar do thuairisceáin cánach, nó ioncam a ghanndearbhú, agus féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas:

  • do chuid dliteanas cánach gan íoc a íoc chomh maith le hús ar íocaíocht dhéanach
  • agus
  • pionóis.

An raibh tú ag obair ar bhonn ócáideach le blianta beaga anuas agus nach bhfuil d’ioncam ón obair sin dearbhaithe agat?

Sa chás sin, ba cheart duit do chuid cúrsaí cánach a thabhairt chun rialtachta anois trí nochtadh toildheonach a dhéanamh leis an oifig is áitiúla duit de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Déileáiltear i gCaibidil 2 de Chód Cleachtais na gCoimisinéirí Ioncaim um Idirghabhálacha Comhlíontachta le mainneachtana cánach agus dleachtanna a thabhairt chun rialtachta.

Ar aghaidh: An bhfuil seachobair ar siúl agat? (tugtar obair faoi choim air seo freisin)