Imghabháil cánach a thuairisciú (gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar)

Gníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar a thuairisciú (imghabháil cánach)

Cén chaoi a ndéantar tuairisciú ar imghabháil chánach nó ghníomhaíochtaí sa scáthgheilleagar do na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadfaidh tú tuairisc a dhéanamh chuig na gCoimisinéirí Ioncaim tríd an bhFoirm um Thuairisciú Imghabhála Cánach a chomhlánú agus a thíolacadh ar líne.

Caithfear leis an bhfaisnéis a chuireann tú ar fáil mar ábhar faoi rún amháin.

Más oibrí thú agus is mian leat faisnéis faoi éagóir fhéideartha i d'ionad oibre a thuairisciú, féadfaidh tú do thuairisc a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi chuimsiú Achta um Nochtadh Cosanta 2014 (arna leasú). Trí sin a dhéanamh, tabharfar réimse cosaintí tábhachtacha dlí duit. Féadtar tuilleadh eolais a fháil ar Nochtadh Cosanta.

Cén cineál faisnéise faoin ghníomhaíochtaí scáthgheilleagair atá úsáideach do na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadfaidh aon fhaisnéis a bheith úsáideach, ach dá sonraí is atá sé, is ea is fearr a bheidh muid in ann gníomhú dá réir. Tá na sonraí seo a leanas an-úsáideach:

  • cur síos ar an gcineál gníomhaíochta imghabhála cánach (mar shampla, an cineál gnóthais nó gníomhaíochta a bhfuil an duine bainteach leis, cén áit a bhfuil an gnóthas ag tarlú agus cén uair a tosaíodh é)
  • seoladh an ghnó nó ainm agus seoladh an duine i mbun imghabhála cánach(seoladh baile, seoladh gnó nó seoladh idirlín)
  • uimhreacha teagmhála fóin (líne thalún nó uimhreacha fóin phóca)
  • aois, go garbh, an duine i mbun imghabhála cánach
  • déantús, leagan, dath agus cláruimhir aon charr, veaineanna, nó feithiclí eile ar leis an duine iad nó an ghnó iad nó atá á n-úsáid acu
  • sonraí maidir le cén chaoi a bhfuil gnóthas nó gníomhaíochtaí eile á bhfógairt (sonraí nó samplaí de bhileoga eolais, nó d'fhógraí)
  • an fhianaise go bhfuil an duine nó an gnóthas páirteach in imghabháil cánach, lena n-áirítear sonraí maidir le haon duine eile páirteach san imghabháil
  • Uimhir Cánach Bhreisluacha (CBL) (má tá sé ar taispeáint ar shonraisc, ar fheithiclí agus mar sin de).

Céard a tharlaíonn don fhaisnéis a thugann tú do na Coimisinéirí Ioncaim?

Nuair a bhí a ndóthain sonraí san fhaisnéis, bainfidh muid úsáid as chun imscrúdú a dhéanamh ar an ngnóthas nó ar an duine a mheastar a bheith i mbun imghabhála cánach. Má fhéadfaidh an fhaisnéis a bheith úsáideach do ghníomhaireacht eile Stáit, tabharfaidh muid dóibh é. Mar shampla, tá eolas maidir le duine atá ‘ag obair agus ag síniú don dól’ úsáideach do na Coimisinéirí Ioncaim agus don Roinn Coimirce Sóisialaí. 

Mar gheall ar rúndacht cáiníocóirí, ní thugann muid, tuairisc ar ais duit maidir le toradh imscrúduithe um imghabháil chánach.

Ar aghaidh: Ioncam gan tuairisciú