Ordú Eisiaimh Íoca mar a Thuillir (ÍMAT) arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim

Stiúrthóirí agus fostaithe neamhchónaitheacha a earcaítear thar lear

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 01 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE

Stiúrthóirí neamhchónaitheacha

Ní mór do stiúrthóirí cuideachtaí Éireannacha cáin a íoc in Éirinn, is cuma cén stádas fostaíochta atá acu agus cén áit a gcuireann siad a ndualgais oibre i bhfeidhm.

Go ginearálta, ní eiseofar Orduithe Eisiaimh ÍMAT maidir le stiúrthóirí neamhchónaitheacha cuideachta Éireannaí.

Tiocfadh ar Orduithe Eisiaimh ÍMAT bheith eisithe más amhlaidh go bhfuil an t-ioncam díolmhaithe ó cháin Éireannach faoi Chomhaontú um Chánachas Dúbailte (CCD).

Fostaithe neamhchónaitheacha a earcaítear agus a oibríonn thar lear

Ní gá duit iarratas a dhéanmah ar Ordú Eisiaimh, nó ÍMAT a fheidhmiú, i gcás fostaí neamhchónaithigh óireacht:

  • nach bhfuil ina gcónaí in Éirinn chun críocha Cánach Ioncaim
  • a earcaíodh thar lear
  • a chuireann dualgais uile a bhfostaíochta i gcrích thar lear
  • nach bhfuil ina stiúrthóir de do chuideachta
  • agus
  • nach bhfuil faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc in Éirinn.

Ní gá duit an fostaí a chur san áireamh agus tú ag tíolacadh an phárolla. Ba chóir duit taifead a choinneáil, áfach, maidir le híocaíochtaí a dhéanann tú leis an bhfostaí céanna.