Ordú Eisiaimh Íoca mar a Thuillir (ÍMAT) arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim
Conas iarratas a dhéanamh ar Ordú Eisiaimh ÍMAT
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE
Féadtar iarratas ar Ordú Eisiaimh ÍMAT a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
- Is fostóir Éireannach tú.
- Cuireann d'fhostaí dualgais uile a bhfostaíochta i gcrích thar lear.
- Beidh d'fhostaí neamhchónaitheach in Éirinn chun críocha cánach le linn na bliana cánach.
Tá cead ag d'fhostaí dualgais theagmhasacha a chur i gcrích in Éirinn ar feadh tréimhse nach mó ná 30 lá agus beidh siad fós incháilithe.
Féadfaidh tú, chomh maith, iarraidh go n-eiseofaí Ordú Eisiaimh ÍMAT má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
- Is fostóir Éireannach tú atá ag íoc pinsean gairme le hiarfhostaí.
- Tá siad neamhchónaitheach in Éirinn chun críocha cánach le linn na bliana cánach.
- Tá siad ina gcónaí i dtír a bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte i bhfeidhm idir í agus Éirinn.
Tá r-thairseach ar fáil d'Orduithe Eisiacha ÍMAT. Féadtar iarratais a dhéanamh ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Guide to completing the online PAYE Exclusion Order application.
Céard is gá duit a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim?
Beidh ort an t-eolas seo a leanas faoi d'fhostaí a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim:
Ar aghaidh: Céard a déarfar ar an Ordú Eisiaimh ÍMAT?