Ordú Eisiaimh Íoca mar a Thuillir (ÍMAT) arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim
Céard a déarfar ar an Ordú Eisiaimh ÍMAT?
Tabhair do d’aire
Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le do dhualgais reatha. Chun eolas a fháil ar do dhualgais roimh 1 Eanáir 2019, féach ar an treoir d’fhostóirí in Employers Guide to PAYE.
Cuirtear in iúl ar an Ordú Eisiaimh ÍMAT nár cóir duit ÍMAT ná Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a asbhaint ó íocaíochtaí le fostaí. Féadfaidh sé bliain iomlán chánach a chlúdach, nó cuid de bhliain chánach.
Beidh sé i bhfeidhm chomh fada is a bheidh d'fhostaí ag obair thar lear agus chomh fada is a bheidh siad neamhchónaitheach in Éirinn chun críocha cánach.
Beidh dáta éaga i gceist leis an Ordú Eisiaimh. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Ordú Eisiaimh eile (nó síneadh ar an gcéad cheann):
- má leanann d’fhostaí den obair thar lear i ndiaidh an dáta sin
- agus
- má leanann siad de bheith neamhchónaitheach.
Ní iarrtar ort Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh ón uair a bheidh an t-Ordú Eisiaimh i bhfeidhm. Féadtar an t-ordú eisiaimh a dheonaíonn na Coimisinéirí Ioncaim a chur i bhfeidhm.
Sa chás go ndearnadh iarratas leis na Coimisinéirí Ioncaim ach nár deonaíodh Ordú Eisiaimh fós, ba chóir FPCI a iarraidh.
Ar aghaidh: Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agusr Orduithe Eisiaimh