Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh

An bhfuil ort tuairisceán cánach a thíolacadh?

moChúrsaí - Tá sé tapa. Tá sé éasca. Agus tá sé saor in aisce.

Tá an Tuairisceán Cánach Ioncaim Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) ann le haghaidh daoine ar fostaíocht nó pinsin ÍMAT é an phríomhfhoinse ioncaim, nó an t-aon fhoinse ioncaim atá acu. Tá sé ann chomh maith le haghaidh stiúrthóirí neamhdhílseánaigh cuideachta a íocann a gcuid cánach uile faoin gcóras ÍMAT.

Ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú nuair is mian leat:

  • éileamh a dhéanamh i leith creidmheasanna, faoisimh nó costais bhreise
  • ioncam breise a dhearbhú
  • Ráiteas Dliteanais don bhliain a fháil
  • agus
  • aisíocaíochtaí cánach agus, nó Muirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ró-íoctha a éileamh.

Féadfaidh sé go n-iarrfaidh muid ort Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú sa chás go ngearrtar cáin ar d’ioncam faoin gcóras ÍMAT amháin agus go bhfuil:

  • ioncam incháinithe neamh-ÍMAT €5,000 nó níos lú agat (nuair atá an t-ioncam comhlán neamh-ÍMAT €30,000 nó níos lú)
  • agus
  • go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis iarraidh ort aon cháin dhlite a bhailiú de bhun do chreidmheasanna canach agus teidlíochtaí banda ráta a laghdú. (Asbhaineann d’fhostóirí nó do sholáthraí pinsin an cháin dhlite ar d’ioncam neamh-ÍMAT.)

Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11)

Ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) a thíolacadh más rud é:

  • go ngearrtar cáin ort faoin gcóras féinmheasúnaithe. Mar shampla, mura laghdaítear do chreidmheasanna cánach bliantúla ÍMAT agus do theidlíochtaí banda ráta chun d’ioncam neamh-ÍMAT a chur san áireamh.
  • gur stiúrthóir dílseánaigh thú nó más céile measúnaithe chomhpháirtigh nó páirtnéir sibhialta stiúrthóra den chineál sin thú.
  • má tá d’ioncam incháinithe neamh-ÍMAT níos mó ná €5,000 sa bhliain nó tá d’ioncam comhlán neamh-ÍMAT níos mó ná €30,000.

Ní mór don mhórchuid daoine a bhFoirm 11 a thíolacadh le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).