Cáin ar phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí

Tabhair do d’aire

Chun fiosrú a dhéanamh maidir le pinsin Stáit nó ranníocaíochtaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC), déan teagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Tá pinsin leasa shóisialaigh a íocann an RCS faoi dhliteanas Cánach Ioncaim. Níl siad faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná ÁSPC. Tugann an RCS sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim faoin tsuim incháinithe atá sna híocaíochtaí seo.

Tabhair do d’aire, nach dtugann an RCS faisnéis do na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil leis na pinsin seo a leanas:

  • Pinsean na nDall
  • Pinsean Sochair Báis
  • Pinsean do Bhaintreacha, do Bhaintreacha Fir nó do Pháirtnéir Sibhialta Marthanach Neamh-Ranníocach.

Braitheann an chaoi a mbailítear cáin ar phinsin leasa shóisialaigh ar cibé an cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú nó cáiníocóir féinfhostaithe thú.

Más cáiníocóir ÍMAT thú

Laghdaíonn muid na creidmheasanna cánach agus an banda ráta bliantúil ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) chun do phinsean a chur san áireamh.

Má tá tú féinfhostaithe

Ní mór sonraí ar aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh a chur san áireamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11). Is gá duit an cháin dlite a íoc agus d’íocaíocht Cánach Ioncaim á dhéanamh agat.