Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Eolas fóirdheontais in moChúrsaí

Tá sonraí ar íocaíochtaí fóirdheontais SFSP a rinneadh d’fhostóir le feiceáil i do thaifead leis na Coimisinéirí Ioncaim. Féadtar teacht air seo ar moChúrsaí. Nuair a bheidh tú logáilte isteach, féadfaidh tú a fheiceáil ar ghlac d’fhostóir páirt sa SFSP ar do shon.

Féadtar teacht ar an eolas seo ar moChúrsaí. Ar an gcárta ‘Seirbhísí ÍMAT’, cliceáil ar:

  • an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2017 - 2020'
  • Tíolaic do Thuairisceán Cánach le haghaidh 2020
  • Beidh SFSP le feicéail, más cuí, sa rannán ioncaim ÍMAT don tuairiscéan.

Céard a chaithfear a dhéanamh má tá neamhréireanna ann

Má aithníonn tú neamhréireanna idir na suimeanna SFSP a thaispeántar ar moChúrsaí agus na suimeanna tugtha ag d’fhostóir, déan teagmháil le d’fhostóir. Tá dualgas ar gach fostóir aon fhadhb a shainaithnítear a cheartú.

Mura ndéantar é a cheartú, déan teagmháil dhíreach leis na Coimisinéirí Ioncaim trí M’Fhiosruithe faoin:

  • gcatagóir ‘ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir) fostaí/pinsinéir - Eile’
  • bhfochatagóir 'Tuairisciú Párolla an Fhostaí - Comhlíontacht’.

Ar aghaidh: Dliteanas cánach i d'Athbhreithniú Deireadh Bliana