Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Léargas ginearálta

Ar an 24 Márta 2020, d’fhógair an Rialtas bearta nua chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’oibrithe a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim COVID-19 orthu. Mar chuid de na bearta seo, d’oibrigh na Coimisinéirí Ioncaim an SFSP.

Má bhí tú i d’fhostaí incháilithe, agus má bhí cur isteach diúltach suntasach ar ghnó d’fhostóra mar thoradh ar an bpaindéim COVID-19, bhí an méid seo i gceist duit leis an SFSP:

  • bhí tú in ann tacaíochtaí (fóirdheontas pá) a fháil go díreach ó d’fhostóir
  • bhí d'fhostóir in ann thú a choinneáil ar a leabhair le linn na paindéime.

Tháinig deireadh leis an SFSP ar an 31 Lúnasa 2020 agus tháinig an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta ina áit.

Ar aghaidh: Cén chaoi ar oibrigh an SFSP?