Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Cén uair a bhí fostaí incháilithe?

I dtús báire, bhí an SFSP teoranta d’fhostaithe:

  • a bhí ar phárolla an fhostóra ar an 29 Feabhra 2020
  • agus
  • a raibh tíolacadh párolla ina leith déanta leis na Coimisinéirí Ioncaim sa tréimhse ón 1 Feabhra 2020 go dtí an 15 Márta 2020.

Má bhí an Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime (IDP) á héileamh agat

Má bhí an IDP á héileamh agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS), ní fhéadfá a bheith san áireamh san SFSP. Má ligeadh chun bealaigh thú roimhe seo agus má fostaíodh thú arís, bhí tú incháilithe le haghaidh an SFSP nuair a scoireadh d’éileamh leis an RGFCS.

Mura raibh tú ar an bpárolla ar an 29 Feabhra 2020

Tar éis fógraí ón Aire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chuir na Coimisinéirí Ioncaim athruithe i leith an SFSP i bhfeidhm. D’fhreastal na hathruithe seo ar fhostaithe a bhí ag filleadh ar an obair agus nach raibh ar phárolla a bhfostóirí ar an 29 Feabhra 2020.

Má d'fhill tú ar an obair tar éis tréimhse neamhláithreachta shonrach

Tar éis fógra ar an 29 Bealtaine 2020, d’fhéadfadh d’fhostóir thú a chur san áireamh má bhí tú ag filleadh ar an obair sna cásanna seo:

  • tar éis thréimhse saoire máithreachais, uchtála, atharthachta, tuismitheoireachta nó saoire eile gan íocaíocht lena mbaineann
  • tar éis de bheith ag fáil íocaíocht ón RCS i leith an méid seo a leanas le haghaidh mhí Feabhra 2020:
    • Sochar Sláinte agus Sábháilteachta
    • Sochar Tuismitheora
    • Sochar Breoiteachta.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim an SFSP i bhfeidhm go siarghabhálach maidir le cibé is déanaí díobh seo a leanas:

  • an dáta a filleadh ar an bhfostaíocht
  • an 26 Márta 2020.

Más printíseach thú bhí ag filleadh ar an obair

Tar éis fógra ar an 23 Meitheamh 2020, d’fhéadfadh d’fhostóir thú a chur san áireamh:

  • má bhí tú ar chlár oideachais printíseachta agus oiliúna arna reáchtáil ag SOLAS
  • agus
  • mura raibh tú ar phárolla do phríomhfhostóra i mí Feabhra 2020.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim an SFSP i bhfeidhm go siarghabhálach maidir le cibé is déanaí díobh seo a leanas:

  • an dáta a filleadh ar an bhfostaíocht
  • an dáta a chuaigh an fostóir isteach san SFSP
  • an 26 Márta 2020.

Ar aghaidh: Rátaí fóirdheontais san idirthréimhse