Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Rátaí fóirdheontais sa chéim oibriúcháin

Rith an chéim oibriúcháin ón 4 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa 2020. 

Cuireadh rátaí nua i bhfeidhm ar phárollaí a thíolactar tar éis an 4 Bealtaine, le dáta pá ar an dáta sin nó dá éis. Ní dhearnadh na rátaí nua a shiardhátú.

Bhraith na rátaí ar do Meán-Ghlanphá Seachtainiúil (MGPS).

Rátaí má bhí do MGPS níos lú ná, nó cothrom le, €586

Má bhí do MGPS:

  • níos lú ná, nó cothrom le, €412, bheadh​fóirdheontas de 85% de do MGPS, suas le suim uasta de €350 sa tseachtain á fháil agat
  • níos mó ná €412, agus suas le €500, bheadh cothromráta de €350 sa tseachtain á fháil agat
  • níos mó ná €500 agus suas le €586, bheadh​70% de do MGPS suas le suim uasta de €410 sa tseachtain á fháil agat.

Rátaí má bhí do MGPS níos mó ná €586

Níor sháraigh an fóirdheontas pá €350 sa tseachtain. Ríomhadh é de réir na híocaíochta breise ó d’fhostóir agus a héifeacht ar do mheán-phá seachtainiúil.

Má d’íoc d’fhostóir íocaíocht bhreise a bhí cothrom le suim:

  • suas le 60% de do ghlantuilleamh seachtainiúil, bheadh fóirdheontas pá de €350 á fháil agat
  • a bhí níos mó ná 60% ach níos lú ná 80% de do ghlantuilleamh seachtainiúil, bheadh fóirdheontas pá de €205 á fháil agat
  • a bhí níos mó ná 80% de do ghlantuilleamh seachtainiúil, ní bhfaighfeá fóirdheontas pá.

Barrchaolú ar an bhfóirdheontas

Cuireadh barrchaolú ar an bhfóirdheontas i bhfeidhm i gcásanna go raibh aon íocaíocht bhreise ó d’fhostóir, móide an fóirdheontas pá, níos mó ná do MGPS.

Ríomhtar é seo tríd an íocaíocht bhreise ó d’fhostóir a bhaint ó do MGPS. Chinntigh sé seo nach raibh tú níos fearr as faoin SFSP ná dá mbeadh do ghnáthshocruithe pá curtha i bhfeidhm.

An t-aon eisceacht ón mbarrchaolú ná nuair nár sháraigh an íocaíocht bhreise €350 sa tseachtain tar éis é a chur leis an bhfóirdheontas pá.

Breis eolais

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim sraith Frequently Asked Questions for Employees a raibh a bhfostóirí ag baint leas as an SFSP.

Má theastaíonn soiléiriú breise uait, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí fhiosrú a chur isteach trí moChúrsaí

Ar aghaidh: Eolas fóirdheontais in moChúrsaí