Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Dliteanas cánach i d'Athbhreithniú Deireadh Bliana

I mí Eanáir 2021, chuir na Coimisinéirí Ioncaim Réamhráiteas deireadh bliana ar fáil duit. Thaispeáin an Réamhráiteas Deireadh Bliana:

  • eolas maidir leis an suim SFSP a fuair tú tíolactha ag d'fhostóir
  • réamháireamh ar do Cháin Ioncaim agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) le haghaidh 2020
  • cibé an bhfuil do shuíomh cánach cothrom, gearríoctha nó ró-íoctha, don bhliain.

Céard is gá a dhéanamh

Beidh deis agat do thaifead pearsanta a thabhairt cothrom le dáta in moChúrsaí trí:

Féadfaidh sé go mbeidh tionchar ag an bhfaisnéis bhreise a chuireann tú ar fáil ar do shuíomh deiridh Cánach Ioncaim nó MSU.

Céard a tharlóidh má tá Cáin Ioncaim nó MSU dlite le híoc agat?

Féadfaidh tú aon dliteanas Cánach Ioncaim agus MSU a íoc go hiomlán nó i bpáirt tríd an áis ‘Íocaíochtaí/Aisíocaíochtaí’ in moChúrsaí.

Chun aon chruatan a laghdú, baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim an dliteanas iomlán nó aon dliteanas atá fágtha, saor ó ús, trí do chreidmheasanna cánach a laghdú thar cheithre bliana. Tosóidh laghdú na gcreidmheasanna cánach i mí Eanáir 2022.

Ar aghaidh: Dliteanas cánach SFSP a íocann d'fhostóir