Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá (SFSP)

Rátaí fóirdheontais san idirthréimhse

Rith an idirthréimhse ón 26 Márta go dtí an 03 Bealtaine 2020.

Chuir an SFSP uasmhéid de €410 ar fáil maidir le fostaithe incháilithe d’fhostóirí a d’oibrigh an SFSP. Bhí feidhm aige seo is cuma an ndearna an fostóir íocaíocht bhreise le tuilleamh an fhostaí nó nach ndearna.

Sa chás go raibh do Mheán-Ghlanphá Seachtainiúil (MGPS):

  • níos lú ná nó cothrom le €586 in aghaidh na seachtaine, bhí suim uasta fóirdheontais de €410 iníoctha
  • níos mó ná €586 agus níos lú ná nó cothrom le €960 sa tseachtain, bhí suim uasta fóirdheontais de €350 iníoctha.

Ón 16 Aibreán 2020, bhí an fóirdheontas pá ar fáil chun tacú le fostaithe a raibh a dtuarastal roimh COVID níos mó ná €76,000 agus a dtuarastal tar éis COVID tite faoi bhun €76,000. Sa chás go raibh do thuilleamh laghdaithe faoi:

  • níos lú ná 20%, ní raibh fóirdheontais iníoctha
  • idir 20% agus 39%, bhí fóirdheontas suas le €205 iníoctha
  • bhreis agus 40%, bhí fóirdheontas suas le €350 iníoctha.

Ríomhadh an fóirdheontas pá uasta ag baint úsáid as do MGPS agus aon íocaíocht chomhlán bhreise ó do bhfostóir.

Bhí an fóirdheontas ‘barrchaolaithe’ le cinntiú nár sháraigh do ghlanphá seachtainiúil (íocaíocht bhreise agus an fóirdheontas pá) €960 glan sa tseachtain.

Barrchaolú ar an bhFóirdheontas

Cuireadh barrchaolú i bhfeidhm i gcásanna go raibh aon íocaíocht bhreise ó d’fhostóir móide an fóirdheontas pá níos mó ná do MGPS.

Ríomhtar é seo tríd an íocaíocht bhreise ó d’fhostóir a bhaint ó do MGPS. Chinntigh sé seo nach raibh tú níos fearr as faoin SFSP ná dá mbeadh do ghnáthshocruithe pá curtha i bhfeidhm.

Breis eolais

D’fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim sraith Frequently Asked Questions for Employees a raibh a bhfostóirí ag baint leas as an SFSP.

Má theastaíonn soiléiriú breise uait, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim trí fhiosrú a chur isteach trí moChúrsaí.

Ar aghaidh: Rátaí fóirdheontais sa chéim oibriúcháin