Duine éagumasaithe – liúntas chun cúramóir a fhostú

Féadtar faoiseamh cánach a éileamh i leith an chostais a bhaineann le duine a fhostú chun aire a thabhairt:

  • duitse, do dhuine muinteartha, do do chéile nó páirtnéir sibhialta atá faoi éagumas mar gheall ar míchumas fisiciúil nó meabhrach
  • do ghaol, nó gaol do chéile nó páirtnéara shibhialta atá faoi éagumas mar gheall ar míchumas fisiciúil nó meabhrach.

Folaíonn ‘do ghaol’ aon duine a bhfuil nó a raibh tú mar chaomhnóir dlíthiúil acu.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an liúntas seo sa rannán ar Chreidmheasanna cánach pearsanta, faoisimh agus díolúintí.