Cúramóir a fhostú

Suim an fhaoisimh

Tá an asbhaint ceadaithe ag ráta imeallach cánach ioncaim an duine.

Féadtar faoiseamh a éileamh i leith cibé acu is lú den mhéid seo:

  • an costas iarbhír a bhaineann le cúramóir a fhostú
  • €75,000 an duine éagumasaithe.

Féadtar faoiseamh a éileamh sa chéad bhliain chánach ina gcruthaíonn tú go bhfuil tú féin nó gaol leat faoi éagumas fisiciúil nó meabhrach.

Taispeántar sa sampla thíos suim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh thar thréimhse trí bliana, ó 2022 go 2024.

Úsáid moChúrsaí chun an faoiseamh i leith cúramóir a fhostú a éileamh. De rogha air sin, féadtar Foirm HK1 a chomhlánú agus a chur faoi bhráid d’oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim le linn nó tar éis dheireadh na bliana sin.

Ar aghaidh: Beirt nó níos mó daoine ag íoc